AN CHOMHAIRLE AIREACHTA THUAIDH/THEAS AN tAONÚ CRUINNIÚ IOMLÁNACH IS TRÍOCHA ARD MHACHA 8 Bealtaine 2026 COMHRÁITEAS
- Foilsithe: 11 Bealtaine 2026
- An t-eolas is déanaí: 11 Bealtaine 2026
- Reáchtáladh an t-aonú Cruinniú Iomlánach is tríocha den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) in Ard Mhacha, ar an 8 Aibreán 2026.
- Bhí an Chéad-Aire, Michelle O’Neill CTR agus an LeasChéad-Aire, Emma Little-Pengelly CTR, i láthair i gceannas ar Thoscaireacht Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann, agus rinne siad comhchathaoirleacht ar an chruinniú. Bhí an Taoiseach, Micheál Martin TD, i láthair i gceannas ar Thoscaireacht Rialtas na hÉireann. Tá liosta iomlán de chomhaltaí ar fad an dá thoscaireacht ceangailte mar Iarscríbhinn.
- Pléigh an Chomhairle cúrsaí an domhain mar atá siad faoi láthair, na coimhlintí san Úcráin agus sa Mheánoirthear agus an tionchar atá acu siúd ar an oileán seo.
- Chuir an Chomhairle fáilte roimh an obair leanúnach atá ar siúl chun dul i ngleic le hoidhreacht na n-Institiúidí Máithreacha agus Naíonán, lena n-áirítear dul chun cinn maidir le neamhaird sochar, rud a áiritheoidh nach mbeidh tionchar ag íocaíochtaí gaolmhara ar shochair eile a bhfuil duine ina dteideal, beag beann ar an áit a bhfuil siad ina gcónaí faoi láthair ar na hoileáin seo. Nótáil an CATT freisin an gealltanas leanúnach chun an rochtain ar thaifid a fheabhsú, agus go leanfaidh oifigigh ar aghaidh de bheith i dteagmháil lena chéile ar an obair thábhachtach seo."
CÚRSAÍ GNÓ AGUS TRÁDÁLA
- Phléigh an CATT na dearcthaí atá acu ar ghnóthaí idirnáisiúnta agus gnóthaí sa bhaile agus ar na forbairtí gnó agus trádála a tharla ó bhí an cruinniú Iomlánach deireanach ann, lena n-áirítear na forbairtí i ndáil le taraifí Stáit Aontaithe Mheiriceá; fógraí coimirce a rinne an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach ar na mallaibh maidir leis an tionscal cruaiche agus na tionchair thrádála atá ag teacht chun tosaigh mar gheall ar an gcoimhlint sa Mheánoirthear.
- Toisc go bhfuil an timpeallacht trádála fós ag síorathrú léi, fanfaidh an dá Rialtas i dteagmháil lena cheile i dtaca le cúrsaí gnó agus trádála.
- Rinne an CATT tagairt don phlé a bhí acu roimhe seo gur cóir d’earnálacha sa CATT, leanúint leo lena meas a dhéanamh, nuair is cuí, ar an dóigh a bhféadfadh na cuir chuige chomhoibríocha a bheith ina gcuidiú leis an bhforas geilleagrach a chur chun cinn.
- Nótáil an Chomhairle gurb é £14.5 billiún/€17.2 billiún an figiúr is deireanaí don trádáil in earraí agus i seirbhísí araon idir an dá Rialtas in 2024.
DEIREADH A CHUR LEIS AN bhFORÉIGEAN AR BHONN INSCNE AGUS LEIS AN bhFORÉIGEAN IN AGHAIDH NA mBAN AGUS NA gCAILÍNÍ
- Dúirt na hAirí go n-aithníonn siad go bhfuil leideadúlacht an fhoréigin ar bhonn inscne agus in aghaidh na mbán agus na gcailíní an-ard sa dá dhlínse agus go dteastaíonn freagairt ón tsochaí ina hiomláine chun aghaidh a thabhairt air. Ina theannta sin, chomhaontaigh na hAirí gur féidir an spórt a úsáid mar dheis dóibh obair le chéile chun idirghabhálacha atá dírithe ar an gcosc a fhiosrú.
- Chomhaontaigh an CATT go bhfiosróidh siad na féidearthachtaí don chomhoibriú maidir le tionscnaimh dírithe ar an gcosaint, ina measc sin cosaint leanaí i gcomhthéacs fhoréigean ar bhonn inscne D’aithin siad freisin gur fadhb nach beag í gáinneáil ar dhaoine le haghaidh dúshaothrú collaí sa dá dhlínse, rud a bhfuil gné thrasteorann aici freisin. Chomhaontaigh an Chomhairle go smaoineoidh a n-oifigigh ar na deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ann don chomhoibriú sa réimse seo.
- Chuir na hAirí fáilte roimh an gcomh-imeacht foghlamtha a tharla in in Droichead Átha i mí an Mhárta 2026, imeacht ina léiríodh chur i bhfeidhm Operation Encompass i dTuaisceart Éireann.
COMHOIBRIÚ I dTACA LEIS CÚRSAÍ BONNEAGAIR AGUS LEIS CÚRSAÍ INFHEISTÍOCHTA
- Nótáil an CATT an cinneadh na Roinne Bonneagair achomarc a dhéanamh ar an mhbreithiúnas a rinneadh in aghaidh Conair Iompair an Iarthair, an A5, agus tá dáta an achomhairc sin fós le sceidealú.
- Nótáil an Chomhairle an obair leanúnach atá á déanamh ag Uiscebhealaí Éireann ar thionscadal Athchóirithe Chanáil Uladh, agus chuir siad in iúl go raibh siad sásta go riabh dul chun cinn atá déanta ar an bpríomhthionscadal tógála ar Dhroichead Chaol Uisce.
- Chuir na hAirí in iúl go raibh siad sásta go bhfuil comhoibriú leanúnach ar siúl le moltaí an All-Island Strategic Rail Review a chur chun cinn tríd an Rail Project Prioritisation Strategy a bhí ceapta an dá Rialtas agus a foilsíodh i mí na Nollag. Ina theannta sin, chuir siad fáilte roimh shíniú an chonartha i gcomhair an Enterprise Rail Fleet ar fiú beagnach €700m é, agus cistithe ag Rialtas na hÉireann, Feidhmeannas Thuaisceart Éireann agus an clár PEACEPLUS.
- Nótáil an CATT an dul chun cinn atá déanta ar an Tionscadal chun Coláiste Mhig Aoidh i nDoire a athchóiriú, agus táthar ag súil go mbeidh toradh ón chinneadh pleanála maidir le tógáil an bhloic nua teagaisc.
- Chuir na hAirí fáilte roimh thosú na dtionscadal faoin dara gairm den chlár Taighde Thuaidh/Theas agus an dul chun cinn atá déanta ar sholáthar na gclár comhoibríoch ar Thaighde agus Nuálaíocht faoin Shared Island Bioeconomy Initiative; Comhpháirtíochtaí RTCCT; agus an Co-Centre Programme.
- Chuir an Chomhairle fáilte roimh an bhfógra a rinne Rialtas na hÉireann i mí na Samhna 2025 go mbeidh Ciste Forbartha Glasbhealaí um Oileán Comhroinnte le haghaidh Glasbhealaí a fhorbairt, ar fiú €2m é, chun tuilleadh forbartha ar ghlasbhealaí i réigiún na teorann. Ina theannta sin, chuir an Chomhairle fáilte roimh an bhfógra a rinne Rialtas na hÉireann i mí na Samhna 2025 go dtabharfaidh an tAire Iompair aersheirbhís nua OSP isteach idir aerfort Chathair Dhoire agus aerfort Bhaile Átha Cliath in 2026.
- Chuir na hAirí fáilte roimh an dul chun cinn atá déanta ar chur i bhfheidhm an chláir PEACEPLUS. Nótáil siad go bhfuil cainteanna ar siúl ar na leithdháiltí le haghaidh chláir a thiocfaidh i gcomharbas air agus go bhfuil tús curtha ag Comhlacht na gClár Speisialta AE chun clár a cheapadh le teacht i gcomharbas air.
PLEANÁIL ÉIGEANDÁLA AGUS ULLMHACHT
- Chuir an Chomhairle fáilte roimh an gcomhoibriú atá ar siúl idir oifigí sa dá dhlínse ar theagmhais shibhialta, seasmhacht, agus ullmhacht i gcásanna éigeandála.
- Ina theannta sin, chuir an Chomhairle fáilte roimh an teagmháil atá ar siúl i gcónaí idir an dá dhlínse le comhoibriu straitéiseach a fheabhsú sa réimse seasmhachta agus ullmhachta.
- Chuir na hAirí fáilte roimh an 4ú All-Island Disaster Risk Reduction Conference 2026 a reáchtáladh ar an 29 agus an ar an 30 Aibreán i nDún Dealgan. Cuireann an chomhdháil seo leis na cainteanna leanúacha idir an dá Rialtas leis an gcomhoibriú a uasmhéadú ar mhaithe leis an dá dhlínse i dtaca le hullmhacht i gcomhair cásanna éigeandála, bainistiú, athléimneacht agus seasmhacht.
- Chuir an CATT fáilte roimh an bhfógra i mí na Samhna 2025 go leithdháilfidh Rialtas na hÉireann €5.9m ón Chiste um Oileán Comhroinnte le comhoibriú a neartú idir Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála Thuaisceart Éireann agus Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála i bPoblacht na Éireann. Leis an infheistiú comhordaithe seo, méadófar saoráidí oiliúna, infheisteofar i dtaighde uirbeach idir-inoibritheach agus i dtrealamh le haghaidh oiliúint tarrthála agus soláthrófar modúl ar shrianadh tuilte. Nótáil an Chomhairle go bhfuil an dá sheirbhís agus a máthair-Ranna ag obair anois chun an chur chuige a thabhairt chun críche.
- Chuir an CATT fáilte roimh an bhfógra i mí na Samhna 2025 go mbeidh cistiú ar fiú €4m é ó PEACEPLUS do dhá thionscadal bunaithe ar an gcomhoibriú trasteorann maidir le bainistiú i gcásanna éigeandála, le hOiliúint i bPobail le haghaidh Idir-inoibritheacht Bheartach don tSábháilteacht, agus don tionscadal Resilient Neighbours, chuireann na seirbhísí dóiteáin agus éigeandála agus údaráis áitiúla ar fáil sa dá dhlínse.
- Nótáil an Chomhairle in ainneoin an chuir isteach ar sholáthar na hola agus an gháis ar fud an domhain agus an t-ardú ar phraghasanna dá bharr sin, nach bhfuil aon imní ann faoi láthair maidir le slándáil an tsoláthair sa dá dhlínse, agus go leanfaidh oifigigh le faireachán a dhéanamh ar chúrsaí i gcomhar le chéile agus na hAirí uasdátú de réir mar is gá.
TUARASCÁIL AR DHUL CHUN CINN NA gCOMHRÚNAÍOCHTAÍ
- Nótáil an CATT gur bhuail na hAirí lena héile I naoi n-earnáil ó bhí an cruinniú Iomlánach deireanach ag an CATT ann, I mí Dheireadh Fómhair 2025, agus leanann an Chomhrúnaíocht de bheith ag obair leis an dá Rialtas le cruinnithe in achan earnáil a éascú.
- Nótáil an Chomhairle go ndearnadh cúrsaí Rialachais Chorparáidigh a mheas in ngach earnáil sna Comhlachtaí Forfheidhmithe Thuaidh-Theas, na Pleananna Gnó, na Buiséid agus na Tuarascálacha Bliantúla agus Cuntas san áireamh.
- Notáladh gur cheap an Chomhairle roinnt daoine sna boird sna Comhlachtaí Forfheidhmithe Thuaidh-Theas agus bhí comhdháil do chomhaltaí boird ar siúl ag an Chomhrúnaíocht I mí Feabhra 2026.
- Cuireadh in iúl don CATT go bhfuil plé déanta ag na hAirí ar chruinnithe ábhartha earnálacha maidir le: an dóigh a bhféadfadh na cuir chuige chomhoibríocha a bheith ina gcuidiú leis an bhforas geilleagrach a chur chun cinn; agus saincheisteanna a bhaineann le cúrsaí míchumais.
SCEIDEAL DO CHRUINNITHE AMACH ANSEO
- Chomhaontaigh na hAirí sceideal do chruinnithe na CATT amach anseo a bheidh ar siúl sna hearnálacha éagsúla uile agus i bhformáid Iomlánach agus Institiúdeach.
Comhrúnaíocht
8 Bealtaine 2026
www.northsouthministerialcouncil.org
IARSCRÍBHINN
CRUINNIÚ DEN CHOMHAIRLE AIREACHTA THUAIDH THEAS
| Northern Ireland Executive | Government of Ireland |
|
Michelle O’Neill CTR An Chéad-Aire |
Micheál Martin TD Taoiseach |
|
Emma Little-Pengelly CTR An LeasChéad-Aire |
|
|
An Dr Caoimhe Archibald CTR An tAire Geilleagair |
|
|
Paul Givan CTR An tAire Oideachais |
|
|
Liz Kimmins CTR An tAire Bonneagair |
|
|
Naomi Long MLA An tAire Dlí agus Cirt |
|
|
Mike Nesbitt CTR, An tAire Sláinte |
|
|
John O’Dowd CTR An tAire Airgeadais |
Jennifer Carroll MacNeill TD An tAire Sláinte |
|
Aisling Reilly MLA Junior Minister |
|
|
Joanne Bunting MLA Junior Minister |
|
|
Aisling Reilly CTR Aire Sóisearach |
|
|
Joanne Bunting MLA Aire Sóisearach |
|
|
|