Ráiteas ón Taoiseach Enda Kenny TD ar Bhás Martin McGuinness

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Taoiseach Enda Kenny TD ar Bhás Martin McGuinness

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 21 Márta 2017
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tá dobrón orm a chloisteáil faoi bhás Martin McGuinness inniu. Is mór an bhris é, ní hamháin ó thaobh na polaitíochta i dTuaisceart Éireann, ach ó thaobh na polaitíochta trí chéile, ar an oileán seo agus i gcríocha eile.

Cuimhneofar go deo ar Martin as an aistear iontach polaitíochta a rinne sé lena bheo. Ní hamháin gur thuig sé agus gur chreid sé go gcaithfeadh an lá a bheith leis an tsíocháin sa deireadh, ach d'oibrigh sé go dian dícheallach chuige sin.

Bhí Martin ar dhuine de na daoine is mó a raibh baint acu le Comhaontú Aoine an Chéasta agus d'oibrigh sé go crua sna blianta ina dhiaidh i dtreo is go bhféadfaí é a chur i bhfeidhm ina iomláine. Chuir mé aithne mhaith ar Martin le blianta beaga, mar gheall ar an obair a rinneamar le chéile ar an gComhairle Aireachta Thuaidh/Theas, i measc rudaí eile.

Bhí sé suite meáite de go mbainfeadh muintir uile Thuaisceart Éireann síocháin amach agus go mbeadh rath orthu. D'fhéach sé le saol na ndaoine uile a fheabhsú i dTuaisceart Éireann, beag beann ar chúlra ná ar thraidisiún.

Thar aon rud eile, cuimhnímid ar theaghlach Martin inniu - a bhean Bernie, agus a chlann - agus ar mhuintir Dhoire, a raibh cion ar leith ag Martin orthu.

Déanaim comhbhrón ó chroí leo sin ar fad agus iad faoi ualach an bhróin.

Críoch

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat