Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Taoiseach maidir leis an Ionsaí Sceimhlitheoireachta i Nua-Eabhrac

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 1 Samhain 2017
  • An t-eolas is déanaí: 24 Deireadh Fómhair 2018

Tá comhbhrón déanta ag an Taoiseach, Leo Varadkar TD, le muintir Nua-Eabhrac faoin ionsaí a tharla i Manhattan.

"Ionsaí barbartha neamhthrócaireach ar mhuintir Nua-Eabhrac a bhí ann a tharla achar gearr ón áit ar tharla tubaiste 9/11.

"Daoine neamhurchóideacha iadsan a maraíodh agus a gortaíodh a bhí ag dul i mbun an lae, gan fios acu faoin méid a bhí le titim amach.

"Tá muintir na hÉireann ag seasamh le muintir Nua-Eabhrac, ar bhain tubaistí cheana dóibh san am a caitheadh. Beimid ag smaoineamh ar mhuintir agus ar chairde na n-íospartach agus ag guí dóibh."

Críoch

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat