Ráiteas ón Taoiseach Micheál Martin ar bhás an Chomhairleora Noel Collins

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Taoiseach Micheál Martin ar bhás an Chomhairleora Noel Collins

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 14 Meitheamh 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá an-aiféala orm a chloisteáil go bhfuil Noel Collins imithe ar shlí na fírinne. Chaith Noel beagnach 55 bliain ag tabhairt seirbhís dhíograiseach phoiblí gan aon bhriseadh don phobal agus is maith a bhí an teideal ‘Athair Chomhairle Chontae Chorcaí’ tuillte aige.

Ag deireadh na 60idí a toghadh ina chomhairleoir i Mainistir na Corann ar dtús Noel agus ba é an t-ionadaí tofa ba fhaide seirbhíse é sa Stát, agus níor thuirsigh sé riamh den troid ar son na ndaoine is leochailí ina phobal.

Ba chara liom Noel, agus bhí meas riamh agam ar an dúthracht mhór a léirigh sé do dhaoine nach raibh go maith as.

Bhí aithne mhór air i Mainistir na Corann agus leag an cúlra a bhí aige ina oibrí sóisialta amach díograis dhílis Noel don cheartas sóisialta, agus ba é sin ba bhun leis an lorg phearsanta a bhí aige agus é ag iarraidh a bheith i bhfách leis na daoine sin a raibh sé ag déanamh ionadaíochta orthu.

Aireoidh muintir Chorcaí agus comhghleacaithe sa pholaitíocht uathu go mór é.

Déanaim comhbhrón ó chroí le teaghlach agus cairde Noel agus leis na daoine sin go léir a ndearna sé ionadaíocht orthu.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat