English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Taoiseach Micheál Martin ar bhás an Dr Éamon Phoenix

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 14 Samhain 2022
  • An t-eolas is déanaí: 9 Nollaig 2022

"Bhí an- bhrón orm a fháil amach faoi bhás an Dr Éamon Phoenix, staraí a raibh bua ar leith aige agus a ndearna an tuiscint luachmhar a bhí aige an oiread sin chun léargas a thabhairt dúinn ar an scéal a bhaineann le polaitíocht agus le stair na hÉireann.

"Tugaim ómós ar leith dá chuid oibre mar bhall de Ghrúpa Comhairleach Saineolaithe Rialtas na hÉireann um Chomóradh Céad Bliain.

"Thug a shaothar tuiscint nua dúinn ar stair ár sochaí, agus ar a bhféadfadh a bheith amach romhainn.

"Fear uasal amach is amach, bhí a phaisean don stair agus don pholaitíocht le feiceáil go soiléir sna saothair a d’foilsigh sé agus nuair a bhíodh sé páirteach in imeachtaí sna meáin, mar ba mhinic leis.

"Comhbhrón ó chroí lena bhean Alice, a iníon Mary Alice, a chlann agus a chairde."