Ráiteas ón Taoiseach Micheál Martin faoina ghlaoch gutháin le Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson
- Foilsithe: 10 Bealtaine 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Bhí plé fada ag an Taoiseach agus an Príomh-Aire Johnson ar maidin.
D’aontaigh siad beirt go bhfuil sé tábhachtach Feidhmeannas láidir agus atá ag feidhmiú a bheith i bhfeidhm chun freastal ar mhuintir Thuaisceart Éireann. Leag an Taoiseach béim ar an tábhacht atá leis an dá Rialtas a bheith ag obair le chéile ar mhaithe le hoibríocht iomlán institiúidí Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Mhol an Taoiseach don Phríomh-Aire a bheith páirteach i bpléití géaraithe AE-RA d’fhonn aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm an Phrótacail. Chuir sé in iúl go soiléir an imní dháiríre atá air maidir le gníomh aontaobhach ar bith faoi láthair, a bhainfeadh an bonn ó Thuaisceart Éireann agus a laghdódh muinín.
Thug an Taoiseach le fios go bhfuil an AE páirteach ar bhealach dearfach sa phlé faoin bPrótacal, ag tabhairt aghaidh ar shaincheist na leigheasanna, agus gur chuir siad pacáiste suntasach solúbthachtaí agus maoluithe, lena n-áirítear socruithe a bhain le cúrsaí custaim agus SPS chun cinn, i mí Dheireadh Fómhair seo caite. Chuir an Taoiseach in iúl go mór don Phríomh-Aire gurb é an bealach chun cinn ná trí rannpháirtíocht leanúnach agus é mar aidhm léi réitigh chomhaontaithe AE-RA a bhaint amach a thugann aghaidh ar na saincheisteanna praiticiúla atá ag eascairt ó chur chun feidhme an Phrótacail.