English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Taoiseach, Micheál Martin, maidir le héirí as an Phríomh-Aire, Liz Truss

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 20 Deireadh Fómhair 2022
  • An t-eolas is déanaí: 1 Samhain 2022

“Bhí roinnt deiseanna agam dul i mbun oibre leis an bPríomh-Aire, Liz Truss, le linn na tréimhse gairide a bhí aici ina Príomh-Aire agus ba mhaith liom gach rath a ghuí uirthi féin agus ar a teaghlach, i ndiaidh fhógra an lae inniu go bhfuil sí ag éirí as.

Is freagrachtaí ríthábhachtacha fós iad ar Rialtas na Breataine agus ar Rialtas na hÉireann, go háirithe anois agus gan aon Fheidhmeannas ná Tionól ag feidhmiú i dTuaisceart Éireann, oibriú le chéile chun tairbhí Chomhaontú Aoine an Chéasta a chosaint agus tacú le síocháin agus le cobhsaíocht i dTuaisceart Éireann.

Tá rannpháirtíocht shubstainteach an Aontais Eorpaigh-na Ríochta Aontaithe i bhfad níos práinní anois chun comhaontú a bhaint amach maidir le saincheisteanna atá fós le réiteach ar chur i bhfeidhm an Phrótacail.

Is í an Bhreatain an chomharsa is gaire d’Éirinn agus tá caidreamh comhpháirtíochta idir Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann ríthábhachtach do shíocháin agus do rathúnas ar na hoileáin seo. Tá mé fós tiomanta d’obair a dhéanamh le Rialtas na Breataine sa mheon sin.”

Ráiteas ón Taoiseach, Micheál Martin, maidir le ceapachán an Phríomh-Aire, Rishi Sunak

Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Rishi Sunak faoina cheapachán inniu ina Phríomh-Aire ar an Ríocht Aontaithe.

Tá an dlúthchaidreamh atá idir an dá thír bunaithe ar stair choiteann, ceangail dhoimhne chultúir agus eacnamaíochta, agus naisc láidre idir daoine.

Tá freagracht choiteann ar an dá thír ina gchomh-mhaoir ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, an dá thír ag obair le chéile i gcomhpháirtíocht, agus tá an fhreagracht sin ríthábhachtach chun tacú le síocháin agus le rathúnas i dTuaisceart Éireann, go háirithe anois agus gan aon Tionól ná Feidhmeannas ag feidhmiú i gceart.

Trí chur leis an obair atá ar bun cheana féin, tá deis cheart ag an Aontas Eorpach agus ag an Ríocht Aontaithe teacht ar réitigh a aontaíodh i gcomhpháirt maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an bPrótacal, agus iarraim ar an bPríomh-Aire Sunak, bogadh go tapa maidir le rannpháirtíocht shubstainteach leis an Aontas Eorpach ar an mbonn sin.

Tá mé tiomanta do chaidreamh láidir agus domhain idir an Bhreatain agus Éire agus tá mé ag tnúth le rannpháirtíocht go luath leis an bPríomh-Aire Sunak, maidir le saincheisteanna tábhachtacha atá amach romhainn ar na hoileáin seo agus ar fud an domhain.”