Ráiteas ón Taoiseach Micheál Martin maidir le héirí as Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin an FSS Paul Reid
- Foilsithe: 27 Meitheamh 2022
- An t-eolas is déanaí: 4 Iúil 2022
“Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an FSS, Paul Reid as an obair a rinne sé le roinnt blianta anuas, go háirithe an cheannaireacht neamhghnách a léirigh sé le linn na paindéime COVID-19.
Bhí ceannaireacht tosaigh ag an FSS, mar gheall ar Paul agus na fostaithe, thar ceann na tíre le linn paindéime nach dtarlaíonn ach uair gach céad bliain, agus léirigh siad an luach agus an tábhacht a bhaineann le gníomhaireacht náisiúnta seachadta maidir le sláinte phoiblí.
Trí ghéarsheirbhísí ospidéil, seirbhísí pobail, tástáil agus rianú, agus clár vacsaínithe atá chun tosaigh ar leibhéal domhanda, bhí ról ríthábhachtach ag an FSS i gcath na hÉireann in aghaidh COVID.
Tá a fhios agam ón taithí phearsanta atá agam nuair a bhí mé ag plé le Paul le linn na paindéime, go raibh sé ar fáil 7 lá sa tseachtain, beagnach 24/7.
Ní raibh glaoch ar bith ródheireanach san oíche ná róluath ar maidin. Bhí sé féin, agus a chuid foirne, thar a bheith díograiseach i gcónaí.
Tuigim go hiomlán cén fáth a bhfuil cinneadh déanta ag Paul éirí as níos déanaí an bhliain seo chun níos mó ama a chaitheamh lena theaghlach tar éis tréimhse chrua neamhghnách.
Guím gach rath air amach anseo.”