English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Taoiseach Micheál Martin maidir leis an Leas-Phríomhoifigeach Leighis Ronan Glynn

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 10 Bealtaine 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

“Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar Ronan Glynn agus é ag fáil faoi réir le héirí as ina Leas-Phríomhoifigeach Leighis agus mo bhuíochas a ghabháil leis as an tseirbhís den scoth a thug sé do mhuintir na hÉireann.

“D’oibrigh mé féin agus Ronan go maith lena chéile ar feadh na paindéime, agus bhí an obair dhíograiseach gan staonadh a rinne sé le croí mór maith le haghaidh a thabhairt ar COVID-19 thar a bheith tábhachtach do shláinte agus d’fholláine mhuintir na tíre.

“Bhí páirt mhór ag bealach séimh Ronan agus ag an eolas atá aige ar Shláinte Phoiblí sa dícheall náisiúnta a rinneamar le linn na paindéime.

“Gabhaim buíochas leis as glacadh le ról an Phríomhoifigigh Leighis Ghníomhaigh agus as bheith rannpháirteach ar an bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí.

Is léiriú an-mhaith go deo é Ronan ar an scoth de sheirbhís phoiblí na hÉireann, agus guím gach rath air amach anseo.