Ráiteas an Rialtais maidir le hAinmniúcháin do Bhall den Coimisiún Eorpach

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas an Rialtais maidir le hAinmniúcháin do Bhall den Coimisiún Eorpach

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 4 Meán Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Arna eisiúint ag Preasoifig an Rialtais

I ndiaidh cruinnithe neamhchorpartha den Rialtas, scríobh an Taoiseach inniu chuig Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, le Mairead McGuinness, Uas., atá faoi láthair ina Leas-Uachtarán ar Pharlaimint na hEorpa agus Andrew McDowell, Uas., a bhí ina Leas-Uachtarán ar an mBanc Eorpach Infheistíochta go dtí le déanaí, a mholadh d’ainmniúchán mar Bhall den Choimisiún Eorpach.

Creideann an Rialtas gur iarrthóirí den scoth iad an bheirt acu, a bhfuil an inniúlacht, neamhspleáchas agus tiomantas Eorpach acu atá riachtanach le freastal i ról an Choimisinéara le gradam.

I gcomhréir le forálacha na gConarthaí Eorpacha, rachaidh an tUachtarán von der Leyen i gcomhairle anois le Parlaimint na hEorpa sula gceapfaidh an Chomhairle Coimisinéir nua, i gcomhaontú le hUachtarán an Choimisiúin.

Is faoin Uachtarán von der Leyen freisin atá sé róil laistigh den Choimisiún a shannadh. Mar sin féin, creideann an Rialtas go daingean gur léirigh an bheirt iarrthóirí go bhfuil an taithí, na scileanna agus an cumas acu freastal agus a gcion a dhéanamh sna róil is dúshlánaí.

Críoch

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat