Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas an Taoisigh Simon Harris ar bhás Billy Lawless

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 8 Samhain 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

"Is le fíorbhrón a chuala mé faoi bhás an iar-sheanadóir, Billy Lawless.

"Fear uasal go smior ab ea Billy Lawless. Fear gnó i mbarr a réime a bhí ann, agus ba dhuine é a ghlac le dúshlán ón iar-Thaoiseach Enda Kenny – chun taisteal ó Chicago chuig Teach Laighean chun ionadaíocht a dhéanamh ar dhiaspóra na hÉireann.

"Rinne sé a chuid oibre le dúthracht agus le bród; ba dheas ar fad a chuideachta é, agus duine an-chineálta ab ea é.

"Dá chlann agus dá chiorcal mór cairde agus comhghleacaithe, gabhaim comhbhrón ó chroí as bhur gcailliúint.

"Ar dheis Dé go raibh a anam dilís."

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat