Ráiteas ar Choimisiún Imscrúdúcháin a Bhunú
- Foilsithe: 9 Bealtaine 2018
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cheadaigh an Rialtas dréacht-Ordú agus Téarmaí Tagartha inniu chun Coimisiún Imscrúdúcháin a bhunú faoi NAMA. Déantar foráil sna Téarmaí Tagartha chun Project Eagle a imscrúdú ach d'fhéadfadh go leasófaí iad chun foráil a dhéanamh le haonaid eile a imscrúdú amach anseo.
Thoiligh an Rialtas an Coimisiún Imscrúdúcháin a bhunú tar éis roinnt cruinnithe le ceannairí an fhreasúra, ar cheap a bhformhór gur cheart Coimisiún a bhunú. Chuathas i gcomhairle leis an bhfreasúra i dtaobh na dTéarmaí Tagartha freisin. Mhol PAC go mbunófaí Coimisiún chomh maith.
Is gá cead a fháil ón Dáil agus ón Seanad araon chun an dréacht-Ordú a chur i bhfeidhm sular féidir an Coimisiún a bhunú.