Ráiteas i ndiaidh ghlaoch fóin an Taoisigh le Príomh-Aire na hIorua

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas i ndiaidh ghlaoch fóin an Taoisigh le Príomh-Aire na hIorua

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 18 Bealtaine 2024
  • An t-eolas is déanaí: 24 Meán Fómhair 2024

Labhair an Taoiseach, Simon Harris, le Príomh-Aire na hIorua, Jonas Gahr Støre inniu.

Chuir an Taoiseach an Príomh-Aire Støre ar an eolas faoi phlean na hÉireann aitheantas a thabhairt do Stát na Palaistíne laistigh de choicís.

Tá sé aontaithe ag na ceannairí leanúint de bheith i mbun rannpháirtíocht dhlúth sna laethanta amach romhainn.

Chuir an Taoiseach Príomh-Aire na hIorua ar an eolas chomh maith faoin obair leanúnach atá ar bun aige le Príomh-Aire Sanchez na Spáinne agus faoi na coinní atá aige le Rí Abdullah na hIordáine, Rí Herzog Iosrael agus Príomh-Aire Golob na Slóivéine.

D’aontaigh an bheirt gur leag na coinníollacha daonnúla atá ag dul in olcas in Gaza béim ar an ngá atá le sos cogaidh láithreach agus le rochtain gan bhac a bheith ar chabhair.

Ar deireadh, ghuigh an Taoiseach beannachtaí Lá na hIorua ar mhuintir na hIorua agus ghuigh sé gach rath orthu lena gceiliúradh ag an deireadh seachtaine.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat