Ráiteas an Taoisigh Micheál Martin
- Foilsithe: 15 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 21 Deireadh Fómhair 2025
Chuir cailliúnt na beatha in áis chúraim Tusla i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath scanradh agus brón orm inniu.
Téann ár smaointe chuig an gclann a chaill duine dá muintir agus dóibh siúd a gortaíodh le linn na heachtra seo.
Tá folláine na n-óg san áis seo agus na foirne thar a bheith tábhachtach.
Tá sé tábhachtach go dtairgtear gach tacaíocht is féidir ag an am crua seo agus an Garda Síochána ag déanamh fiosraithe críochniúil.
Críoch.