Ráiteas an Taoisigh Micheál Martin ar athbhreithniú an Chomhaontú Comhlachais AE-Iosrael
- Foilsithe: 20 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 22 Bealtaine 2025
"Cuirim fáilte mhór roimh an gcinneadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar Chomhaontú Comhlachais AE-Iosrael chun scrúdú a dhéanamh ar chomhlíontacht chearta an duine a d’fhógair an tArd-Ionadaí Kaja Kallas.
"I dteannta leis an Spáinn, d’iarr Éire go dtógfaí an chéim seo, don chéad uair, i mí Feabhra 2024.
"Ó shin amach, maraíodh agus gortaíodh na mílte Palaistíneach in oibríocht mhíleata brúidiúil, agus an daonra sibhialtach neamhchiontach a d’fhulaing na hiarmhairtí a bhí as.
"Tá na mílte duine eile ar tí an ocrais, le rabhadh ó na Náisiúin Aontaithe go bhféadfadh le 14,000 páiste bás a fháíl sna 48 uair atá le teacht muna sroicheann cúnamh iad.
"Ní mór go mbeadh a fhios ag Iosrael go bhfuil an domhan ag faire agus nach seasfaimid i leataobh.
"Ní féidir leis gníomhú gan aon phionós i gcoinne gach dlí agus norm daonnúla idirnáisiúnta.
"Oibreoidh Éire lena chinntiú go dtabharfar an t-athbhreithniú ar aghaidh chomh tapa agus is féidir, agus go ndéanfar gníomhú ar a chonclúidí.
"Ní mór dúinn cosc a chur leis an gcogadh seo. Tá sos cogaidh láithreach ag teastáil uainn, gach uile giall a scaoileadh saor agus rochtain gan bhac ar chabhair dhaonnúil."
CRÍOCH