Ráiteas an Taoisigh Micheál Martin faoin ionsaí in Sydney
- Foilsithe: 15 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 15 Nollaig 2025
Tá mé scanraithe agus tá alltacht orm faoin ionsaí gunna a dhírigh ar phobal Giúdach Sydney inar maraíodh dháréag ar a laghad agus inar gortaíodh na scórtha eile.
Téann ár smaointe agus ár bpaidreacha chuig clanna agus cairde na ndaoine a cailleadh, dóibh siúd atá gortaithe, na chéad fhreagróirí agus muintir na hAstráile ag an am seo atá thar a bheith cráite dóibh.
Ní féidir aon áit a bheith ann don fhuath nó don fhoréigean in áit ar bith, go háirithe ag am ceiliúrtha do mhórán daoine agus iad ag teacht le chéile chun tús Hanukkah a cheiliúradh ag Trá Bondi.
Ag léacht in onóir an staraí Dermot Keogh díreach dhá lá ó shin, luaigh mé gur ceann de na claontacht is seasmhaí agus is díobhálaí ar feadh na staire é ná an frith-Sheimíteachas, ag cur bunús ar fáil d’easaontas scannalach i go leor réanna agus go leor áiteanna.
Is léiriú breise don fhuath marfach a eascraíonn as an bhfrith-Sheimíteachas, an gníomh olc is déanaí in Sydney.
Críoch