Ráiteas an Taoisigh Micheál Martin ar bhás an Bhráthair Kevin Crowley

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas an Taoisigh Micheál Martin ar bhás an Bhráthair Kevin Crowley

“Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil go bhfuil mo chara mhaith, an Bráthair Kevin Crowley tar éis bás a fháil.”

“Bhí an Bráthair Kevin go mór ar son an cheartais, gan staonadh agus go paiseanta, ag tiomnú a shaol do chabhrú leo siúd a raibh géarghá acu le cabhair.”

“Sa bhliain 1969, bhunaigh sé Ionad Lae na gCaipisíneach, áit a d’oibrigh sé agus ar chuir sé a chroí agus a anam inti agus le dea-ghreann, ar feadh 53 bliain ag cuidiú daoine leochaileacha. Mhair sé an soiscéal i ndáiríre.”

“Bhí a chomhbhá, a dhúthracht agus a chur chuige neamh-bhreithiúnach maidir le bheith ag cabhrú daoine imeallaithe gan staonadh.”

“Fear spreagúil agus umhal ab ea é ar bhain mé taitneamh as a bheith ag bualadh leis i gconaí. Corcaíoch bródúil ab ea é nár chaill teagmháil riamh leis an áit dhúchais a chothaigh é sna blianta tosaigh dá shaol.”

“Tá mo smaointe agus mo phaidreacha lena chlann agus a chairde ag an am seo.”

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat