Ráiteas ón Taoiseach Micheál Martin ar bhás an Phápa Proinsias
- Foilsithe: 29 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 29 Aibreán 2025
Bhí an-bhrón orm cloisteáil faoi bhás a Naofachta, an Pápa Proinsias.
Thar ceann an Rialtais agus mhuintir na hÉireann, déanaim comhbhrón ó chroí le gach duine a chaoineann é, lena Oirirceas, an Cairdinéal Battista Re, Déan Choláiste na gCairdinéal, a theaghlach agus a chairde, agus an pobal Caitliceach ar fud an domhain a chaill ceannaire eisceachtúil.
Chaith an Pápa Proinsias tréimhse fhada ina phápa agus aithníodh an tiomantas daingean a bhí aige do phrionsabail na comhbhá, na síochána agus dínit an duine.Labhair sé amach ar son na mbocht, iad siúd a bhí imeallaithe agus daoine faoi chois. Sheas sé amach mar churadh ceartais sa domhan nua-aimseartha mar thoradh ar a dhlúthpháirtíocht le dídeanaithe, a chuid éilimh chun gníomhú ar son na haeráide, agus an bhéim a chuir sé ar shíocháin agus ar chomhionannas domhanda.
Tá gean ar leith ag muintir na hÉireann ar an bPápa Proinsias.Le linn a chuairte ar Éirinn i mí Lúnasa 2018 le haghaidh Chruinniú Domhanda na dTeaghlach, cuireadh fearradh na fáilte roimhe, fáilte a léirigh an meas agus an gean a bhí ag muintir na hÉireann air.
Le linn a chuairte ar Éirinn, cuimhneoidh go leor freisin ar an bpian agus ar an náire a léirigh an Pápa Proinsias faoi mhí-úsáid stairiúil leanaí san Eaglais Chaitliceach agus an fearg a bhí air gur theip ar údaráis na hEaglaise dul i ngleic i gceart leis na coireanna uafásacha sin.
Bhí sé d'onóir agam bualadh leis an bPápa Proinsias i gCaisleán Bhaile Átha Cliath le linn na cuairte sin agus bhí mé an-tógtha lena fhís d'Eaglais Chaitliceach oscailte atruach agus dírithe ar riachtanais na ndaoine is leochailí. Roinn sé linn a imní mhór maidir le saincheisteanna an cheartais shóisialta agus chearta an duine, agus a thiomantas chun fulaingt a mhaolú.
Is é oidhreacht an Phápa Proinsias a theachtaireacht síochána, athmhuintearais agus dlúthpháirtíochta agus maireann siad sin i gcroí na ndaoine a spreag sé.
Go maire sé i suaimhneas síoraí, agus go dtreoraí a chuimhne muid agus muid ag iarraidh domhan a fhorbairt a léiríonn a fhís de ghrá agus comhbhá do chách.
Ar dheis Dé go raibh a anam.
CRÍOCH