Ráiteas an Taoisigh Micheál Martin faoi bhás Sheáin Barrett
- Foilsithe: 10 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 10 Aibreán 2026
Is cúis mhór bróin dom bás Sheáin Barrett.
Thug Seán seirbhís den chéad scoth don Stát – mar Phríomh-Aoire, mar Cheann Comhairle, agus mar Aire.
Chreid sé go paiseanta sa daonlathas parlaiminteach. Ceann Comhairle an-chóir ab ea é agus Aire inniúil, cumasach ab ea é.
Fear uasal go smior a bhí ann. Bhain mé sult as a chuideachta i nDáil Éireann – réitíomar go maith lena chéile i gcónaí.
Mo chomhbhrón ó chroí lena bhean chéile Sheila, lena chlann agus lena chairde ag an am seo.
Ar dheis Dé go raibh a anam.