English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas an Taoisigh Micheál Martin ar thoghadh an Phápa Leo XIV

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 12 Bealtaine 2025
  • An t-eolas is déanaí: 12 Bealtaine 2025

“Thar ceann an Rialtais agus mhuintir na hÉireann, déanaim comhghairdeas ó chroí leis an gCairdinéal Robert Prevost tar éis é a thoghadh mar Phápa Leo XIV.

Is scathán iad na radhairc áthais agus ceiliúrtha i gCearnóg Naomh Peadar den dóchas agus den dea-thoil a mhothaíonn daoine den chreideamh Caitliceach ó gach cearn den domhan i leith an Phápa nua.

Tá súil agam go dtabharfaidh an méid mór seo de dea-mhéin i leith an Phápa Leo XIV láidreacht agus tacaíocht dó agus é ag dul i mbun freagracht ollmhór a phontaifeachta. Tá a fhios agam go bhfuil gach dea-ghuí aige ó mhuintir na hÉireann uile, agus ó gach traidisiún.

Déanaim comhghairdeas freisin le muintir na Stát Aontaithe, tír a bhfuil caidreamh chomh domhain sin agus chomh láidir sin ag Éirinn léi. Is cúis mhór bróid agus onóra dá náisiún é Pápa a bheith acu as a dtír féin.

Guím gach láidreacht, dea-shláinte, agus an treoir spioradálta atá ag teastáil do Phápa XIV agus é ag tosú a mhisean chun an Eaglais Chaitliceach a stiúradh ag am dúshlánach, ag togáil ar threoir tréadach agus ar éachtaí an Phápa Proinsias.

Táim ag tnúth le bheith ag obair leis an bPápa Leo XIV mar chomhpháirtí tábhachtach agus an-tionchar aige chun aghaidh a thabhairt an na dúshláin iomadúla agus idirnasctha atá romhainn sa domhan agus muid ag obair ar son na síochána, an cheartais agus na forbartha inbhuanaithe do chách.”