Ráiteas an Taoisigh Micheál Martin ar bhás Sheán Uí Shé
- Foilsithe: 13 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 26 Eanáir 2026
Is cúis mhór bróin dom go bhfuair Seán Ó Sé bás.
Finscéal ab ea Seán, bhí sé ina phearsa íocónach sna réimsí oideachais, cultúir agus ceoil traidisiúnta na hÉireann – duine a raibh tionchar urghnách aige ar cheol agus amhránaíocht na hÉireann. Ba phríomhoide agus oideachasóir sármhaith é freisin.
Bhí an cairdeas idir é agus Seán Ó Riada, nach maireann, uathúil. Bhí nasc ana láidir eatarthu, agus bhí Seán ina léirmhínitheoir údarásach ar cheol Uí Riada. Bhí clú agus cáil air as a chuid amhránaíochta, An Poc Ar Buile go háirithe, agus rinne sé obair iontach le Cór Cúil Aodha.
In aigne ghlúnta de mhuintir Chorcaí beidh baint aige i gcónaí le foirne Chraobh na Éireann ag teacht abhaile, am a chuirfeadh sé conclúid chorraitheach ar an gceiliúradh le leagan corraitheach de The Banks of My Own Lovely Lee.
Ba chara macánta é Seán. Bhí meon ana shona agus grianmhar aige. Ba chuideachta iontach é i gcónaí agus ina dhuine iontach nuair a bhuail tú leis.
Fágann sé oidhreacht iontach ina dhiaidh agus aireoidh a chlann uathu go mór é. Beidh muintir ar Thaobh an Laoi go mór faoi bhrón ina dhiaidh, agus ar ndóigh ar fud na tíre.
Solas na bhFlaitheas ar a anam dílis uasal.