Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas an Taoisigh Micheál Ó Máirtín ar an Toghchán Uachtaránachta 2025

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 27 Deireadh Fómhair 2025
  • An t-eolas is déanaí: 27 Deireadh Fómhair 2025

Ba mhaith liom mo chomhghairdeas a dhéanamh le Catherine Connolly as an mbua cuimsitheach láidir toghchánaíochta a bheidh aici.

Is léir go mbeidh Catherine ina céad Uachtarán eile ar Éirinn.

Rith Catherine feachtas toghchánaíochta iontach rathúil a chuaigh i bhfeidhm ar an bpobal.

Tá mandáid agus vóta láidir faighte aici ó phobal na hÉireann inniu chun a bheith ina hUachtarán ar an tír don tréimhse seacht mbliana romhainn amach.

Tá rogha déanta ag an bpobal sa chóras daonlathach agus níl dabht ach go ndéanfaidh Catherine freastal éifeachtach maith ar an tír seo.

Mar Thaoiseach, táim ag tnúth le bheith ag obair leis an Uachtarán nua san am atá romhainn nuair a leanfaidh Éire leis an ról suntasach atá ag ár dtír ar leibhéal idirnáisiúnta domhanda agus nuair a bheidh Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh ag an tír sa dara leath den bhliain seo chugainn, fiche fiche sé.

Tugaim moladh do na hiarrthóirí eile a chur iad féin chun cinn don toghchán Uachtaránachta seo, Heather Humphreys agus Jim Gavin.

Tâ misneach láidir ag teastáil chun tú féin a chur chun cinn don Oifig Stáit is airde sa tír agus is cinnte go bhfuil blianta fada caite ag an mbeirt iarrthóirí seo i mbun seirbhíse poiblí agus iad sásta a bheith ag freastal ar agus a bheith rannpháirteach i measc an phobail in Éirinn.

Críoch

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat