Ráiteas an Taoisigh Micheál Martin mar gheall ar scaoileadh saor na ngiall
- Foilsithe: 13 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 15 Deireadh Fómhair 2025
Cosúil le daoine ar fud na cruinne, cuireann na radhairc de ghialla a bhí á choinneáil ag Hamas ar feadh breis is dhá bhliain fhada agus iad athaontaithe lena gclanna faoi dheireadh thiar thall go mór i bhfeidhm orm.
Tugaim ómós mór d’obair fhoighneach dóibh siúd a thug an lá seo chun críche dúinne, lena n-áirítear na Stáit Aontaithe, Catar, an Éigipt agus comhpháirtithe eile.
Tá mé ag smaoineamh freisin ar na dúshláin atá roimh mhuintir Gaza agus iad ag filleadh ar ais chuig a dtithe agus ar scála an léirscrios atá amach rompu.
Mar aon le borradh sa chúnamh daonnúil, ní mór dúinn céimeanna a fheiceáil á nglacadh láithreach chun tacú leo agus chun na seirbhísí ríthábhachtacha atá ag teastáil uathu a sholáthar de réir mar a thagann an geimhreadh.
Is é an comhaontú sos comhraic an chéad chéim ar bhóthar na síochána. Ní foláir do gach páirtí cloí leis go hiomlán sna laethanta agus sna seachtainí atá amach romhainn.
Anois, an t-am chun an fhuinneamh a thapú agus tús a chur leis an obair chun síocháin chóir agus bhuan a thógáil sa réigiún, bunaithe ar réiteach dhá stát.
Tá a fhios againn in Éirinn cé chomh fada agus cé chomh crua is féidir leis an turas sin a bheith, ach táimid réidh chun cabhair a thabhairt ar aon chaoi is féidir linn.
CRÍOCH