Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas an Taoisigh Micheál Martin

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 20 Samhain 2025
  • An t-eolas is déanaí: 20 Samhain 2025

18 Samhain

Ba mhaith liom an deis seo a thapú comhghairdeas a dhéanamh le Paschal Donohoe as a ról nua sa Bhanc Domhanda.

Gabhaim buíochas freisin le Paschal as na blianta a chaith sé ag fónamh don bpobal, go mórmhór mar aire rialtais ó 2024 amach.

Mar chomhghleacaí onórach agus dícheallach, d’oibrigh mé go han-mhaith le Paschal i gconaí, agus bhíomar ag comhoibriú go dlúth le linn phaindéim COVID.

Le chéile, bhí na cineálacha cur chuige nuálacha a glacadh i rith na paindéime mar bhonn do gheilleagar na hÉireann, chomh maith le linn go leor dúshlán eile, amhail Brexit agus ionradh na hÚcráine.

Tá seasamh láidir ag an Rialtas seo. Sna seachtainí beaga anuas, sheolamar ár bPlean Forbartha Náisiúnta nua, le hinfheistíocht gan fasach sa bhonneagar.

Thugamar Buiséad 2026 isteach, agus pleananna earnálacha ranna ina dhiaidh, agus sa tseachtain seo caite sheolamar ár bPlean Náisiúnta Tithíochta nua.

Tá an Rialtas dírithe an t-am ar fad ar an gClár Rialtais a sheachadadh, a chomhaontaíomar ag tús na bliana seo, agus guím gach rath ar Paschal ina ról nua.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat