Ráiteas ón Taoiseach Micheál Martin maidir le forbairtí san Iaráin agus sa réigiún máguaird

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Taoiseach Micheál Martin maidir le forbairtí san Iaráin agus sa réigiún máguaird

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 28 Feabhra 2026
  • An t-eolas is déanaí: 30 Márta 2026

Táim an-bhuartha faoi fhorbairtí san Iaráin agus an fhéidearthacht ghéar atá ann do mhéadú agus coimhlint níos leithne sa réigiún.

Molaim go láidir do gach páirtí go gcuirfear srian le gníomhaíocht agus go n-oibreofar chun an toradh sin a sheachaint.

Chreid Éire i gcónaí gur cheart coimhlint a réiteach trí mheán na taidhleoireachta agus na hidirbheartaíochta, i gcomhréir le prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus an dlí idirnáisiúnta. Ní mór go mbainfidh sé sin leis an gcás seo an oiread is a bhaineann le gach cás eile.

Ní mór gurb í cosaint bheatha na saoránach san Iaráin, in Iosrael agus i ngach tír máguaird an rud is tábhachtaí anois.

Níl aon amhras ann ach gur réimeas brúidiúil agus smachtúil é an réimeas atá san Iaráin.

Chonaiceamar le míonna anuas an chaoi a bhfuil sléacht déanta aige ar a mhuintir féin agus iad curtha i bpríosún nuair a d’éirigh siad amach mar agóid ina choinne. Bhain sé úsáid as a thionchar díobhálach chun coimhlint agus scoilt a spreagadh ar fud an Mheánoirthir.

Ba léir dúinn nár cheart ligean dó airm núicléacha a fháil riamh, agus thacaíomar le hiarrachtaí idirnáisiúnta chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh sé a chuid oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta.

Ba cheart go bpléifí an sprioc sin le linn na gcainteanna.

Tá ár n-ambasáidí agus misin sa réigiún ag obair chun tacú le saoránaigh na hÉireann atá buailte agus tá siad ag comhordú go dlúth lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta chun a gcuid sábháilteachta a chinntiú.

Fanfaimid i ndlúth-theagmháil lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta, san Aontas Eorpach agus sna Náisiúin Aontaithe de réir mar a thiocfadh athrú ar an gcás.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat