Ráiteas an Taoisigh mar gheall ar Private Seán Rooney
- Foilsithe: 28 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 1 Lúnasa 2025
Ciontaíodh cúirt mhíleata i mBéiriút níos luaithe inniú roinnt fir mar gheall ar dhúnmharú coimeádaí síochána na Náisiún Aontaithe, Private Seán Rooney, sa Liobáin i mí na Nollag 2022.
Cé go gcuirim fáilte roimh ciontú an phríomhchosantóra, níl sé sásúil in aon chor go bhfuil sé fós saor. Beidh an-chuid daoine den tuairim go bhfuil pianbhreitheanna na gcosantóirí eile róbhoga ar fad.
Is mór an trua é go raibh moill ann sa chóras dlí sa Liobáin an cás sin a thabhairt chun críche.
Obair uasal a dhéanann na coimeádaithe síochána agus caithfidh meas a bheith ag gach éinne ar ról an gcoimeádaí síochána dá bharr.
Is lá thar a bheith deacair é do chlann Seán Rooney, ach go háirithe dá mháthair, Natasha.
Ba shaighdiúir cróga é Seán a thug tús áite i gcónaí do shábháilteacht dhaoine eile roimh a shábháilteacht féin agus eisean i mbun oibre.
Ba dhuine dícheallach misniúil é Seán. Déanaim comhbhrón ó chroí le Natasha, a chlann, a chairde agus a chomhghleacaithe ag an am deacair seo.
CRÍOCHA