Ráiteas an Taoisigh Micheál Martin
- Foilsithe: 12 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Bealtaine 2025
“Gabhaim chomhbhrón ó chroí le clann, cairde agus comhghleacaithe an Gharda Kevin Flatley a chaill a shaol agus é ar dualgas i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath inniu.
Freastalaíonn ár ngardaí le misneach agus le díogras chuile lá chun an pobal a choimeád sábháilte agus chun coireacht a chosc.
Mothóidh dóibh siúd a raibh aithne acu air, i bpobail ar fud na hÉireann agus baill uile an Gharda Síochána gur bhásaigh garda agus é i mbun a dhualgas, go mór.
Téann ár smaointe agus ár bpaidreacha dóibh siúd go léir atá ag caoineadh i ndiaidh na tragóide uafásach seo”.