English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tús curtha leis an gcomhairliúchán Náisiúnta ar Mheasúnú Riosca

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 7 Nollaig 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D'fhoilsigh an rialtas inniu an Measúnú Náisiúnta ar Riosca - Dréachtliosta na Rioscaí Straitéiseacha 2023 le haghaidh comhairliúchán poiblí.

Tugtar breac-chuntas sa cháipéis chomhairliúcháin ar na rioscaí straitéiseacha eacnamaíocha, geopholaitiúla, sóisialta, comhshaoil agus teicneolaíochta a mheastar atá roimh Éirinn sa ghearrthréimhse, sa mheántréimhse agus san fhadtéarma. Cruthaíodh an dréachtliosta de na rioscaí straitéiseacha trí phróiseas comhoibríoch le ranna agus le gníomhaireachtaí rialtais, ag tógáil ar ghníomhartha Measúnaithe Náisiúnta ar Riosca a bhí ann roimhe seo.

Ag labhairt dó agus an comhairliúchán á sheoladh, dúirt an Taoiseach Micheál Martin:

“Léirigh rudaí a thit mach le déanaí an tábhacht agus an luach a bhaineann le breithniú rialta a dhéanamh ar na rioscaí straitéiseacha atá roimh an tír seo.

“Tá athrú tagtha ar ár saol ó rinneadh an Measúnú Náisiúnta ar Riosca deireanach, rud a fhágann go bhfuil rioscaí ag athrú amhail an comhtháthú sóisialta, an t-athrú déimeagrafach, agus an t-athrú aeráide, chomh maith le rioscaí nua a d’fhéadfadh a theacht chun cinn, dála boilsciú, fuinneamh, agus srianta cumais.

“Tugtar breac-chuntas sa doiciméad comhairliúcháin seo ar na rioscaí straitéiseacha atá beartaithe a chur san áireamh i leagan 2023 den Mheasúnú Náisiúnta ar Riosca. Molaim don phobal a dtuairimí a thabhairt sa chomhairliúchán, d’fhonn a chinntiú go bhfuilimid ag plé leis na saincheisteanna cearta, agus leis na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ann."

Iarrtar ar pháirtithe leasmhara a dtuairim a thabhairt faoi an ionann na dréachtrioscaí a sainaithníodh agus na rioscaí móra atá roimh an tír i ndáiríre, an bhfuil aon rioscaí suntasacha eile ba cheart a chur san áireamh, nó an bhfuil aon cheann de na rioscaí a mheastar a bheith ann nár cheart a chur san áireamh.

Nuair a bheidh an comhairliúchán seo críochnaithe, déanfar athbhreithniú ar na rioscaí atá beartaithe, agus déanfaidh ranna agus gníomhaireachtaí rialtais tuilleadh machnaimh orthu, sula gcríochnófar Measúnú Náisiúnta ar Riosca 2023 – Forbhreathnú ar Rioscaí Straitéiseacha.

Access the consultation document. Is féidir ionchuir faoin gcomhairliúchán a chur faoi bhráid nra@taoiseach.gov.ie

Beidh an comhairliúchán poiblí ar oscailt go dtí Dé hAoine 17 Feabhra 2023.


Tuilleadh eolais

Foilsíodh an Measúnú Riosca Náisiúnta den chéad uair in 2014 agus tugann sé deis na rioscaí suntasacha a d'fhéadfadh teacht chun cinn d'Éirinn sa ghearrthréimhse, sa mheántréimhse agus san fhadtréimhse a aithint agus a phlé. Foilsíodh an Measúnú Náisiúnta ar Riosca is déanaí, a chlúdaíonn 2021/22, i mí na Nollag 2021.

Ó bunaíodh é, thug an Measúnú Náisiúnta ar Riosca forbhreathnú córasach ar rioscaí ag an leibhéal náisiúnta agus tá aird tarraingthe aige, agus iad ina dtús, ar an tábhacht a bhain le feiniméin dála imeacht na Ríochta Aontaithe as an AE, ganntanas tithíochta, chomh maith le paindéimeanna.

Tá sé mar aidhm ag an Measúnú Náisiúnta ar Riosca forbhreathnú córasach ar rioscaí straitéiseacha atá os comhair na tíre a chur ar fáil feidhmiú mar bhunús le haghaidh plé agus machnamh polaitiúil agus poiblí faoina n-impleachtaí.

Tá liosta iomlán na rioscaí straitéiseacha d'Éirinn atá á moladh do 2023 ar fáil thíos.

Rioscaí geopholaitiúla

Cur isteach ar chórais iltaobhacha

An treo a rachaidh an tAontas Eorpach amach anseo

Caidreamh na hÉireann, i ndiaidh an Bhreatimeachta, leis an Ríocht Aontaithe agus le Tuaisceart Éireann

Coimhlint armtha, sceimhlitheoireacht agus bagairtí hibrideacha

Rioscaí don gheilleagar

Boilsciú

Cur isteach ar sholáthar fuinnimh a bheadh slán agus inbhuanaithe

Meascán fiontraíochta na hÉireann

Athruithe ar chaidrimh trádála idirnáisiúnta

Airgeadas poiblí agus an córas airgeadais

Slabhra soláthair agus srianta cumais

Rioscaí sochaíocha

Comhtháthú sóisialta

Tithíocht agus forbairt inbhuanaithe

Imirce agus comhtháthú

Athrú déimeagrafach

Eisiamh digiteach

Rioscaí comhshaoil

Athrú aeráide

Caillteanas bithéagsúlachta

Imeachtaí aimsire foircneacha agus tubaistí nádúrtha eile

Paindéimí

Frithsheasmhacht in aghaidh frithmhiocróbacha

Sábháilteacht agus slándáil bia

Rioscaí teicneolaíochta

Sreabhadh sonraí, stóráil agus slándáil

Teicneolaíocht thrioblóideach

Cibearshlándáil

Bagairtí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha