Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Síníonn an Taoiseach agus an tUachtarán Zelenskyy Treochlár 2030 maidir le Comhpháirtíocht na hÚcráine agus na hÉireann

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 2 Nollaig 2025
  • An t-eolas is déanaí: 10 Nollaig 2025

Inniu d’fhógair an Taoiseach Micheál Máirtín tacaíocht airgeadais de €125 milliún sa bhreis don Úcráin mar chuid de threochlár nua maidir le comhpháirtíocht le hÉirinn don chéad chúig bliana eile.

Déanfaidh an Taoiseach agus an tUachtarán Zelenskyy Treochlár 2030 maidir le Comhpháirtíocht na hÚcráine agus na hÉireann a shíniú um thráthnóna i dTithe an Rialtais.

Déanann sé seo forbairt ar an gComhaontú maidir le Tacaíocht don Úcráin agus Comhar idir Éire agus an Úcráin a síníodh i gCív ar an 4 Meán Fómhair 2024.

Neartóidh sraith gealltanas sa Treochlár caidreamh déthaobhach thar raon réimsí, lena n-áirítear comhar polaitiúil agus slándála; tacaíocht do théarnamh agus atógáil na hÚcráine; comhar sa nuálaíocht agus san oideachas; comhar eacnamaíoch agus bunú Fhóram Eacnamaíoch na hÉireann agus na hÚcráine; agus comhar cultúrtha.

Leagtar amach sa Treochlár gealltanais láithreacha na hÉireann don Úcráin, lena n-áirítear:

  • Leithdháileadh €100 milliún sa bhreis i dtacaíocht mhíleata neamh-mharfach, rud a thugann go €200 milliún an tacaíocht mhíleata neamh-mharfach a soláthraíodh in 2025.
  • Leithdháileadh €25 milliún chun tacú le hathchóiriú agus cosaint bhonneagar fuinnimh na hÚcráine agus soláthar soláthairtí riachtanacha fuinnimh.
  • Leithdháileadh €35.4 milliún, a fógraíodh roimhe seo, le haghaidh cúnamh daonnúil agus tacaíochtaí cobhsaithe in 2025 mar fhreagairt ar ionradh leanúnach na Rúise ar an Úcráin.
  • Scéim chun tacú le hoiliúint agus le bearta gaolmhara chun cabhrú le conair na hÚcráine i dtreo aontachas leis an AE.

Leis an Treochlár seo, bunaítear freisin Idirphlé Straitéiseach na hÚcráine agus na hÉireann, a bhfuil an chéad chruinniú dá chuid ar siúl inniu idir an tAire McEntee agus Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, an tUasal Sybiha.

Ag labhairt dó ar shíniú an Treochláir, dúirt an Taoiseach:

“Ba mhór an onóir é fáilte a chur roimh Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy, chuig Éirinn, ag an am dúshlánach seo dá thír. Is eiseamláir dúinn ar fad a chrógacht mhillteanach agus teacht aniar mhuintir na hÚcráine.

“Tá áthas orm go raibh mé ábalta níos mó ná deimhniú i bhfoirm focal a thabhairt sa chruinniú inniu maidir le tacaíocht na hÉireann, go raibh mé ábalta gealltanais chinnte agus phraiticiúla chúnaimh a thabhairt don Úcráin. Soláthrófar €100 milliún sa bhreis i dtacaíocht mhíleata neamh-mharfach, chun cabhrú leis an Úcráin ionsaithe oíche neamhshrianta dhiúracáin agus dhróin na Rúise a sheasamh.

“Soláthróidh Éire freisin €25 milliún do sholáthairtí fuinnimh na hÚcráine le cabhrú leo cur i gcoinne ionsuithe soiniciúla agus cruachroíocha na Rúise ar an mbonneagar riachtanach a choimeádann muintir na hÚcráine te le linn an gheimhridh chrua.

“Tagann sé seo ar bharr an €35.4 milliún de chúnamh daonnúil agus tacaíochtaí cobhsaithe a fógraíodh níos luaithe i mbliana agus a thacóidh le tionscadail amhail béilí a sholáthar i scoileanna atá gar don líne thosaigh, atógáil saoráidí ospidéil agus tógáil foscadán cosanta i scoileanna.

“Táim i ndiaidh an tuairim go bhfuil ballraíocht AE riachtanach do shlándáil na hÚcráine amach anseo a chur in iúl go seasta agus go láidir, agus áirítear le comhaontú an lae inniu scéim chun tacú le hoiliúint agus le bearta gaolmhara chun cabhrú le conair na hÚcráine i dtreo aontachas leis an AE.

“Ó bhí 2022 ann, tá Éire i ndiaidh na mílte Úcránach a fháiltiú go hÉireann. Agus mé ag cur fáilte roimh a nUachtarán anseo inniu, athdhearbhaím tacaíocht dhílis mhuintir na hÉireann do mhuintir na hÚcráine.”

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus an tAire Cosanta, Helen McEntee:

“Deis is ea cuairt an lae inniu chun tacaíocht agus dlúthpháirtíocht dhiongbháilte na hÉireann don Úcráin a athdhearbhú ag pointe cinniúnach, agus iarrachtaí síochána ar bun le linn don Rúis leanúint lena hionsaí.

“Sa Treochlár a comhaontaíodh inniu, tá an Rialtas i ndiaidh bearta nua a ghealladh chun tacú leis an Úcráin. Táimid tar éis creat a chomhaontú freisin chun go neartódh Éire agus an Úcráin naisc ar bhealach cuimsitheach, nuálach agus réamhbhreathnaitheach.

“Tá an Treochlár seo á chomhaontú in aimsir chogaidh ach breathnaíonn sé chun tosaigh ar ré síochána, agus ar am ina mairfidh an Úcráin agus Éire le chéile i mbaile Eorpach coiteann.”

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat