Buaileann an Taoiseach agus an Tánaiste le Cumann Tailidimíde na hÉireann
- Foilsithe: 26 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 30 Márta 2026
Bhuail an Taoiseach agus an Tánaiste le baill de Chumann Tailidimíde na hÉireann i dTithe an Rialtais anocht.
Cruinniú tairbheach a bhí ann agus bhí sé dírithe ar réiteach na bhfadhbanna éagsúla a luadh ag an ITA.
Bhí comhaontú ann chun aghaidh a thabhairt ar cheisteanna go tapa.
D’athdhearbhaigh an Rialtas arís a thiomantas do leithscéal Stáit ag deireadh an phróisis seo arís, próiseas a chreideann sé ó chroí gur féidir é a thabhairt chun críche a luaithe is féidir agus gach duine ag obair le chéile.