An Taoiseach, Micheál Martin, T.D. chun bualadh le Príomh-Aire Lucsamburg
- Foilsithe: 24 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 25 Iúil 2025
Buailfidh an Taoiseach, Micheál Martin, T.D. le príomh-aire Lucsamburg, Luc Frieden, mar chuid de chuairt dhá-lá ar Lucsamburg ag tosnú inniú (Déardaoin).
Beidh cúrsaí eacnamaíochta, ina measc iomaíochas na hEorpa agus idirbheartaíocht trádála AE-SA, a bplé ag an Taoiseach agus an príomh-aire sa chruinniú s’acu. Beidh cúrsaí idirnáisiúnta á bple acu freisin, na heachtraí is déanaí san Úcráin agus i Gaza san áireamh.
Chomh maith leis sin, buailfidh an Taoiseach le hionadaithe ó chomhlachtaí éireannacha a bhfuil lonnaithe i Lucsamburg agus ionadaithe pobail éireannacha fosta.
Dé hAoine, buailfidh an Taoiseach le hUachtarán an Bainc Eorpach Infheistíochta (BEI), Nadia Calviño, chun ról an BEI a phlé maidir le tacaíocht ar mhaithe le iomaíochas na hEorpa a fheabhsú trí infheistíocht i mbonneagar riachtanach, mar aon le comhpháirtíocht leanúnach na hÉireann leis an BEI chun tosaíochtaí an rialtais a bhaint amach.
Ag caint roimh an cruinniú, dúirt an Taoiseach:
“Táim ag súil go mór le cruinniú suntasach leis an bpríomh-aire Freidin, ag cur leis an gcomhrá iontach a bhí againn nuair a thug sé cuairt ar Bhaile Átha Cliath Deireadh Fómhair seo caite.
“Is iontach na caidrimh déthaobhacha idir Éire agus Lucsamburg agus tá an dearcadh céanna againn ar neart ceisteanna an lae inniú.
“Beidh na ceisteanna eacnamaíochta is tábhachtaí a bhaineann leis an dá tír á bplé againn, cosúil leis an iomaíochas, margaí caipitiúla na hEorpa a dheimhniú, na moltaí atá againn don chéad buiséad seacht bliain eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus idirbheartaíócht trádála AE-SA.
“Beidh cúrsaí idirnáisiúnta á bplé again freisin, an Meánoirthear san áireamh, áit ina gcaithfimid déileáil leis an géarchéim dhaonnúil i Gaza go práinneach.
“Táim ag súil go mór le bualadh le hUachtarán an Bainc Eorpach Infheistíochta, Nadia Calviño. Is comhpháirtí tábhachtach é an BEI a thugann thart ar €1 billiún gach bhliain do thionscnaimh éagsúla in Éirinn a bhaineann le earnálacha tábhachtacha, cosúil le uisce, tithíocht agus fuinneamh.”.