Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An Taoiseach Micheál Martin ag freastal ar chruinniú neamhfhoirmiúil den Chomhairle Eorpach

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 23 Eanáir 2026
  • An t-eolas is déanaí: 23 Eanáir 2026

22 Eanáir 2026

Tá an Taoiseach Micheál Martin sa Bhruiséil inniu (Déardaoin) chun freastal ar chruinniú neamhfhormiuil den Chomhairle Eorpach inar bpléifear caidreamh trasatlantach tar éis forbairtí le déanaí, lena n-áirítear maidir leis an nGraonlainn.

Agus é ag labhairt roimh an gcruinniú dúirt an Taoiseach:

"Tá fáilte mór roimh an bhfíric go mbeidh caibidlíocht ann anois chun slí ar aghaidh a fháíl mar gheall ar an nGraonlainn agus go ndearna an tUachtarán Trump cinneadh gan taraifí a fhorchur ar roinnt de na Ballstáit den AE, ar an Ríocht Aontaithe agus ar an Iorua.”

"Bhí mé i gcónaí soiléir go bhfuil taraifí dona do chách - dona do phoist, dona don fhás – agus go ndéanfadh a bhforchur an-chuid dochair do chaidreamh trasatlantach.”

"Táim ag súil le bheith ag plé le mo chomhcheannairí san Aontas Eorpach conas a dhéantar an úsáid is fearr as an spás seo don chomhrá agus conas is féidir linn oibriú chun an caidreamh AE – SA a chur chun cinn.”

"Is caidreamh ríthábhachtach é go fóill, ceann a chabhraigh le taca a chur le blianta fada cobhsaíochta agus rathúnais ar an dá thaobh den Atlantach.”

"Tá an Aontas Eorpach go fóill aontaithe agus daingean ina shíordhearbhú gur ceist í don Danmhairg agus do mhuintir na Graonlainne chun todhchaí na Graonlainne a chinneadh, i gcomhréir le prionsabail dhaonlathacha seanbhunaithe agus leis an dlí idirnáisiúnta.”

"Leanfaidh sé ar aghaidh de bheith mar aidhm againn ceannasacht Bhallstáit an AE, ár luachanna agus ár ngeilleagair a chosaint, chomh maith leis an gcaidreamh trasatlantach a bhfuil an-luach air.”

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat