Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas an Taoisigh Micheál Martin faoi choinníollacha an ghorta in Gaza

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 22 Lúnasa 2025
  • An t-eolas is déanaí: 29 Lúnasa 2025

22 Lúnasa 2025

Tar éis don IPC, atá faoi thacaíocht na Náisiún Aontaithe, deimhniú go bhfuil gorta i gCathair Gaza don chéad uair, tá oibleagáid iomlán ar Iosrael cead a thabhairt do mhuintir na háite rochtain gan srian agus phráinneach ar chabhair dhaonnúil, ar sholáthairtí leighis agus bia.

Bhí an Gorta in Gaza intuartha agus inchoiscthe.

Tá an Rangú Céime Slándála Bia Comhtháite ardaithe go Céim 5, an leibhéal is airde is féidir d’éiginnteacht bia, i gcúinsí a bhfuil cur síos orthu mar “saorga go hiomlán” agus “turraingeach”.

Ní foláir d’Iosrael cosc a chur lena n-ionsaithe ar Chathair Gaza agus lena thuairgneáil.

Is cnuasphionós ar mhuintir Gaza é bia agus uisce a choinneáil siar ó shibhialtaigh, agus is coir chogaidh í freisin.

Is coir chogaidh í chomh maith gialla a choinneáil, rud atá Hamas ag déanamh, agus tá sé i bhfad thar am chun iad a scaoileadh saor gan choinníoll agus deireadh a chur leis an gcogadh seo.

Ghoill an neamhdhaonnacht atá le feiscint againn in Gaza an domhan go léir. Ní foláir stop a chur leis an martrú, leis an gciorrú agus le marú páistí. Ní mór go gcuirtear deireadh leis an gcogadh anois.

Críoch

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat