An Taoiseach Micheál Martin le freastal ar Chomhdháil Aigéin na Náisiún Aontaithe (UNOC3)
- Foilsithe: 11 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 11 Meitheamh 2025
Taistealóidh an Taoiseach Micheál Martin inniu (Domhnach), 8ú lá de mhí an Mheithimh go Nice chun freastal ar Chomhdháil Aigéin na Náisiún Aontaithe (UNOC3) ar an 8ú – 9ú Meitheamh.
An tráthnóna seo, freastalóidh an Taoiseach ar thosú Chomhdháil Aigéin ‘Limistéar Glas’, arna óstáil ag Uachtarán na Fraince Emmanual Macron. Freastalóidh breis is 60 ceannaire stáit agus rialtais eile ó gach cearn den domhan air.
Luain, glacfaidh an Taoiseach páirt in ócáid chun Comhdháil Aigéin an AE a sheoladh, a bheidh á óstáil ag Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen agus an tUachtarán Macron. Níos déanaí, tabharfaidh sé ráiteas náisiúnta thar ceann na hÉireann ag príomhsheisiún iomlánach an UNOC3.
Le linn dó a bheith i Nice, glacfaidh an Taoiseach páirt i roinnt cruinnithe déthaobhacha, lena n-áirítear Rí na hIordáine, Abdullah II bin Al-Hussein, Príomh-Aire Barbadós Mia Mottley, agus an Rúnaí John Kerry.
Ag labhairt dó roimh an UNOC3, dúirt an Taoiseach:
“Táim ag súil le dul i gcomhar le ceannairí domhanda eile sna laethanta atá le teacht chun plé a dhéanamh agus comhoibriú ar shlíthe chun todhchaí ár n-aigéan agus ár bhfarraigí a dhaingniú. Mar náisiún oileánach, is maith is eol d’Éirinn an tábhacht a bhaineann leis an timpeallacht mhuirí agus na róil eile a imríonn ár n-uiscí, lena n-áirítear mar bhealach trádála bunriachtanach.
Beidh sé ina dheis ríthábhachtach na nithe seo a phlé le mo chomhghleacaithe, le cois saincheisteanna domhanda tábhachtacha, an Meánoirthear agus an Úcráin san áireamh.”