Ráiteas ón Taoiseach Micheál Martin maidir leis an Liobáin
- Foilsithe: 6 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 30 Márta 2026
Cáinim an t-ionsaí meargánta a rinneadh ar bhunáit UNIFIL go láidir i ndeisceart na Liobáine a ghortaigh líon coimeádaithe síochána Gánacha go dona.
Tá ról na gcoimeádaithe síochána dosháraithe, agus ba cheart go ndéanfadh gach duine a ndualgas agus i bhfad níos mó ná sin chun cosc a chur ar a gcur i mbaol.
Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do mhisneach, mianach agus gairmiúlacht choimeádaithe síochána na hÉireann a tháinig i gcabhair ar a gcomhghleacaithe Gánacha inniu.
Tugadh eolas dom faoin scéal is déanaí agus tá pearsanra na hÉireann ar fad atá i mbun seirbhíse sa Liobáin sábháilte agus tuairisc faighte orthu.