Bronnann an Taoiseach babhla criostail arb í Éire tír a dhéanta, ina bhfuil seamróg Éireannach bheo ar Uachtarán SAM le haghaidh Lá Fhéile Pádraig 2026

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Bronnann an Taoiseach babhla criostail arb í Éire tír a dhéanta, ina bhfuil seamróg Éireannach bheo ar Uachtarán SAM le haghaidh Lá Fhéile Pádraig 2026

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 30 Márta 2026
  • An t-eolas is déanaí: 30 Márta 2026

Bhronn an Taoiseach Micheál Martin babhla criostail arb í Éire tír a dhéanta, ina bhfuil seamróg úr ar Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald J Trump, inniu ag an Teach Bán ar ócáid Lá Fhéile Pádraig 2026.

Tá bronnadh na seamróige ar an Teach Bán ina shiombail le fada den chairdeas idir Éire agus na Stáit Aontaithe. Téann an traidisiún sin siar go dtí an bhliain 1953, nuair a bhronn an tAmbasadóir John Joseph Hearne, Ambasadóir na hÉireann chun na Stát Aontaithe (1950-1960), babhla seamróige ar Uachtarán na Stát Aontaithe, Dwight D Eisenhower den chéad uair. Ó shin i leith, lean an searmanas ar aghaidh ar bhonn bliantúil ag gach rialtas a tháinig ina ndiaidh.

Go hiondúil, bronnadh an tseamróg i mbabhla arb í Éire tír a dhéanta, atá mar léiriú ar thraidisiún leanúnach na hÉireann maidir le ceardaíocht, scil agus mionchruinneas. Bronnadh an tseamróg i mbabhla airgid roimhe seo, agus léiríonn an dá rogha tiomantas na hÉireann do bharrfheabhas sa dearthóireacht agus san ealaíontacht.

Is é John A Costello an chéad Taoiseach a bhronn an tseamróg thiar in 1956 agus, ó shin i leith, is traidisiún bliantúil é an beart searmanais seo a bhíonn le comhlíonadh ag Taoiseach an lae. Foinsítear an babhla a úsáidtear don bhronnadh seo ó sholáthraithe éagsúla in Éirinn, agus bíonn dearadh, monarú agus cáilíocht chun tosaigh sna critéir roghnaithe. Le blianta beaga anuas, cuireadh ceardaithe san áireamh le cruthú na mbabhlaí sin, rud a chinntíonn go léiríonn gach bronnadh scoth cheardaíocht na hÉireann.

Ba é Living Shamrock a chuir an tseamróg ar fáil do searmanas na bliana seo, comhlacht atá lonnaithe i mBaile an Sceilg, Contae Chiarraí. Fásadh agus baineadh an tseamróg úr dá heaspórtáil leis na deimhnithe fíteashláintíochta riachtanacha.

Ba é House of Waterford a chruthaigh an babhla criostail, a bronnadh ar an Uachtarán Trump, atá mar chuid de Fiskars Group, comhlacht a bhfuil aithne air as táirgeadh criostail de chuid na hÉireann. Sreabhann agus fíonn patrún an ghearrtha thart timpeall an bhabhla i rithim leanúnach, mar shiombail den chairdeas comhroinnte idir Éire agus Meiriceá – dhá stair ag bualadh lena chéile, ag trasnú agus ag múnlú a chéile le himeacht aimsire. Gabhann agus scaoileann gach gearradh solas, mar mhacalla ar na beathaí a caitheadh trasna an Atlantaigh agus na ceangail leanúnacha a múnlaíodh trí mheán na himirce, na cuimhne agus an mhuintearais. I gcroílár an bhabhla, tá seamróg ina luí a gearradh go cúramach laistigh den chriostal – suaitheantas síoraí d’fhéiniúlacht na hÉireann agus den ádh – arna coinneáil go séimh i gcroílár an dearaidh níos leithne. In éineacht a chéile, cruthaítear léiriú ciúin sa chriostal trí mheán na ngearrthacha fite fuaite agus na seamróige lárnaí: ceiliúradh ar chairdeas nach bhfógraítear go hard, ach a mhothaítear go domhain – a mhaireann agus a shoilsítear trí mheán an tsolais chomhroinnte.

Léiríonn traidisiún bliantúil bronnta na seamróige ag an Teach Bán na dlúthnaisc chultúrtha agus taidhleoireachta atá idir Éire agus na Stáit Aontaithe. Cuireann searmanas an bhronnta deis speisialta ar fáil chun oidhreacht shaibhir na hÉireann a cheiliúradh, a naisc láidre le SAM agus na luachanna comhroinnte de chairdeas, síocháin agus rath atá ag an dá náisiún.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat