An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Tá an Taoiseach chun bualadh le Príomh Aire na hIodáile Giorgia Meloni, roimh Uachtaránacht na hÉireann ar an AE
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Tá an Taoiseach Micheál Martin sa Róimh inniu (Dé hAoine, 22 Bealtaine) chun bualadh le Príomh‑Aire na hIodáile, Giorgia Meloni, mar chuid dá chlár cruinnithe le ceannairí roimh Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an AE.
Pléifidh na Ceannairí ullmhúcháin d’Uachtaránacht na hÉireann atá ar na bacáin, rud a thosóidh an 1 Iúil, chomh maith le caidreamh déthaobhach agus saincheisteanna idirnáisiúnta.
Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt an Taoiseach an méid seo a leanas:
“Tá mé ag tnúth le plé a dhéanamh inniu leis an bPríomh‑Aire Meloni faoi thosaíochtaí na hIodáile le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an AE, agus faoin dóigh ar féidir linn oibriú le chéile i dtreo spriocanna comhroinnte dár gcuid saoránach agus gnólachtaí.
“Cuirfidh mé an Príomh‑Aire ar an eolas faoinár gcuid pleananna chun díriú ar iomaíochas na hEorpa a fheabhsú, ar oibriú i dtreo comhaontú maidir leis an gcéad bhuiséad ilbhliantúil eile de chuid an AE agus ar dhul chun cinn a dhéanamh maidir le méadú. Pléifimid na dúshláin eacnamaíocha reatha atá roimh an Eoraip freisin, ina measc sin tionchar praghsanna arda fuinnimh ar ghnólachtaí agus teaghlaigh.
“Pléifimid dúshláin dhomhanda freisin, lena n‑áirítear an choimhlint sa Mheánoirthear agus san Úcráin agus conas is fearr is féidir leis an Eoraip cuidiú leis an gcoimhlint a réiteach, le síocháin a chothú agus le taca a chur faoi chearta an duine.
Is cairde agus páirtithe maithe iad Éire agus an Iodáil agus tá mé ag tnúth le plé a dhéanamh leis an bPríomh‑Aire Meloni faoi conas is féidir linn naisc a neartú eadrainn féin, i gcúrsaí trádála, turasóireachta, cultúir agus spóirt, i measc nithe eile.”