An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Tá an Taoiseach le bualadh leis an bPríomh Aire Jetten ón Ísiltír
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Buailfidh an Taoiseach leis an bPríomh‑Aire Rob Jetten ón Ísiltír sa Háig tráthnóna inniu (Dé Céadaoin, 8 Aibreán).
Pléifidh na Ceannairí ullmhúcháin d’Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an AE sa dara leath den bhliain chomh maith le caidreamh déthaobhach agus saincheisteanna idirnáisiúnta, lena n‑áirítear na staideanna sa Mheánoirthear agus san Úcráin.
Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt an Taoiseach an méid seo a leanas:
“Tá mé ag tnúth le bualadh leis an bPríomh‑Aire Jetten tráthnóna inniu. Tá an Ísiltír agus Éire ina bpáirtithe ag a bhfuil an dearcadh céanna maidir le cuid mhór saincheisteanna AE agus domhanda.
“Beidh ár bpléití dírithe ar ullmhúcháin d’Uachtaránacht na hÉireann ar an AE. Is den tábhacht cloisteáil go díreach ó cheannairí Eorpacha maidir lena dtosaíochtaí ar fud an réimse saincheisteanna a mbeidh Éire ag féachaint lena gcur chun cinn le linn thréimhse sé mhí ár nUachtaránachta.
“Is gá don Eoraip a hiomaíochas a fheabhsú chun beart a dhéanamh de réir briathair dá saoránaigh. Beimid ag díriú go mór air sin. Is gá dúinn teacht ar chomhaontú maidir le buiséad AE nua atá éifeachtúil agus lenar féidir ár n‑uaillmhianta comhroinnte a bhaint amach. Agus is gá dúinn níos mó a dhéanamh chun ár slándáil chomhchoiteann a chinntiú.
“Pléifimid saincheisteanna domhanda freisin, lena n‑áirítear na staideanna thar a bheith tromchúiseach sa Mheánoirthear agus san Úcráin.”