Tá an Taoiseach chun cuairt a thabhairt ar Ollscoil Cambridge

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá an Taoiseach chun cuairt a thabhairt ar Ollscoil Cambridge

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 30 Márta 2026
  • An t-eolas is déanaí: 30 Márta 2026

Tabharfaidh an Taoiseach Micheál Martin cuairt ar Ollscoil Cambridge inniu (20 Feabhra) agus tabharfaidh sé caint ag Coláiste na Tríonóide chun bunú bhuan-Chathaoir maidir le Stair na hÉireann ag an Ollscoil a chomóradh.

Cathaoir Childers an t-ainm a thabharfar ar an Ollúnacht, arna hainmniú in onóir an iar-uachtaráin Erskine Childers agus a athair Robert Erskine Childers - alumnas de chuid Ollscoil Cambridge agus daoine suntasacha i stair na hÉireann an bheirt acu.

Maoiníodh an Chathaoir Childers le maoiniú aonuaire arbh fhiú €4.3 milliún é ó Chiste Athmhuintearais an Rialtais. Is é is aidhm don Chiste Athmhuintearais caidreamh níos fearr a chothú laistigh agus idir traidisiúin i dTuaisceart Éireann, idir Thuaidh agus Theas, agus idir Éire agus an Bhreatain Mhór.

Ag labhairt dó sular imigh sé go Londain, dúirt an Taoiseach Micheál Martin:

“Tá lúcháir orm a bheith in Cambridge inniu chun bunú Chathaoir Childers maidir le Stair na hÉireann a chomóradh i gColáiste na Tríonóide Cambridge.

“Treiseoidh agus saibhreoidh an Chathaoir nua seo scoláireacht agus cuirfidh sí le tuiscint níos fearr ar startha polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta casta agus idirnasctha na hÉireann agus na Breataine, agus an chaoi ar cheangail na startha seo chun an dá thír againn mar aon leis an gcaidreamh éabhlóideach eadrainn a mhúnlú."

ENDS

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat