An Rúnaí Cúnta don Aonad maidir leis an mBreatain agus Tuaisceart Éireann & Oileán Comhroinnte

Cuardaigh ar fad gov.ie

Róil

An Rúnaí Cúnta don Aonad maidir leis an mBreatain agus Tuaisceart Éireann & Oileán Comhroinnte

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 20 Samhain 2018
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tacaíonn Rannán na Breataine agus Thuaisceart Éireann le hobair an Taoisigh agus an Rialtais chun cuidiú le síocháin a choimeád agus caidreamh nua a fhorbairt ar oileán na hÉireann idir an Bhreatain agus Éire. Pléann an Rannán le gach gné den chaidreamh idir an Bhreatain agus Éire agus go háirithe, an tionchar atá ag an mBreatimeacht ar ghnóthaí Thuaisceart Éireann agus ar chomhoibriú Thuaidh-Theas, mar aon leis an gcaidreamh leis na rialtais chineachta, agus tacaíonn an Rannán le hobair Choiste Comh-Aireachta C (AE agus an Breatimeacht) maidir leis na ceisteanna sin.

Tacaíonn an Rannán le hobair an Taoisigh agus an Rialtais i gcomhar le Rialtas na Breataine mar chomhráthóirí Chomhaontú Aoine an Chéasta agus a institiúidí. Áirítear leis sin go háirithe tacú le rannpháirtíocht an Taoisigh sa Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas, ar féidir a thionóil nuair atá Feidhmeannacht Thuaisceart Éireann i bhfeidhm, agus i gComhairle na Breataine-na hÉireann mar institiúidí barrthábhachtacha de chuid Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Mar aon le réimsí eile laistigh den roinn agus ranna eile an rialtais, tá ról ag an Rannán maidir le maoirseacht agus forbairt a dhéanamh ar chlár comóraidh an Stáit do Dheich mBliana na gCuimhneachán.

Sealbhóirí

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat