Rúnaí Cúnta Gnóthaí Corparáideacha agus Comhordú Beartais Lárnach
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé mar aidhm ag an bhfeidhm Gnóthaí Corparáideacha na tacaíochtaí gairmiúla riachtanacha a sholáthar don Roinn agus dá bhfoireann le gur féidir cuspóirí gnó a sheachadadh go rathúil. Tá an Rúnaí Cúnta freagrach as Airgeadas, TFC, Acmhainní Daonna, Seirbhísí Corparáideacha agus Rialachas Gníomhaireachta, Cumarsáid, Athchóiriú & Pleanáil Éigeandála.
Cuimsíonn an ról freisin freagracht as seirbhísí dlí intí; ag tacú leis an Ard-Rúnaí agus leis an mBord Bainistíochta maidir le Pleanáil Gnó na Roinne agus forbairt ár Straitéise; Ionadaíocht a dhéanamh don Roinn ar Ghrúpaí Pleanála Éigeandála agus maoirsiú a dhéanamh ar nósanna imeachta le haghaidh éigeandálaí iompair móra faoin Tascfhórsa ar Phleanáil Éigeandála; agus próiseas athraithe eagraíochtúil agus cultúrtha a threorú mar fhreagra ar COVID-19 agus an Athchóiriú agus Nuálaíocht leanúnach ar aon dul le cláir oibre athchóirithe na Státseirbhíse agus na Seirbhíse Poiblí.