Tá an Rannán um Ghníomhú ar son na hAeráide agus an AE/Gnóthaí Idirnáisiúnta freagrach as beartas gníomhaíochta aeráide a fhorbairt agus a sheachadadh don earnáil iompair de réir oibleagáidí náisiúnta agus idirnáisiúnta na hÉireann. I measc na bhfreagrachtaí a bhaineann le Gnóthaí AE, Thuaidh-Theas agus Idirnáisiúnta, tá comhordú, forbairt agus ionadaíocht ar sheasamh na hÉireann ar chúrsaí iompair agus aeráide ag fóraim idirnáisiúnta ábhartha.