Iarratas a dhéanamh ar Údarú faoi Alt 14
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Údaruithe faoi Alt 14 den Acht Iascaigh (Comhdhlúthú) 1959
Tá Údarú faoi Alt 14 ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide de dhíth ar ghníomhaíochtaí áirithe amhail taighde eolaíoch, forbairt iascaigh nó athstocáil iascaigh.
Chun iarratas ar údarú a dhéanamh, ní mór iarratas i bhfoirm ríomhphoist nó i scríbhinn a chur chuig Rannán an Iascaigh Intíre.
Rannán an Iascaigh Intíre,
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide,
Elm House,
Bóthar Ghleann an Iarla,
An Cabhán
H12 A8H7
Ba cheart go gcuimseofar san iarratas: faisnéis chúlra maidir leis an oibreachán leictriascaireachta atá molta, cuspóir na hoibre molta in éineacht le léarscáil den suíomh agus an tréimhse ama i.e. na dátaí tosaithe agus críochnaithe atá molta.
Féadfaidh údarú, má dheontar é, a bheith faoi réir coinníollacha áirithe agus bainfidh ceangal ama leis go hiondúil.