Íocaíocht mhíosúil €140 é Sochar Linbh a thacaíonn le tuismitheoirí agus caomhnóirí. Íoctar é do gach leanbh:
Ní íoctar Sochar Linbh thar ceann leanaí atá 18 mbliana d’aois nó níos sine, fiú má bhíonn siad in oideachas nó faoi oiliúint.
Chun cáiliú do Shochar Linbh, caithfidh tú an Ghnáthchónaithe a shásamh. Baineann seo le gach iarratasóir, gan aird ar náisiúntacht.
Is gnách go n-íoctar Sochar Linbh le máthair nó leasmháthair an linbh. Mura gcónaíonn an leanbh lena máthair nó leasmháthair ach má chónaíonn siad lena n-athair nó lena leasathair, is féidir Sochar Linbh a íoc leo.
Mura bhfuil an leanbh ag cónaí lena dtuismitheoirí nó mura bhfuil siad á gcothú ag a dtuismitheoirí, is féidir leis an duine a thugann aire don leanbh Sochar Linbh a fháil.
Líon na Leanaí | Íocaíocht Sochair Linbh Mhíosúil |
Leanbh Amháin | €140 |
Cúpla | €210 do gach leanbh (1½ uair an ráta shingil do leanbh amháin) |
Breitheanna Iolracha Eile | €280 do gach leanbh (2 uair an ráta do leanbh amháin) |
Íoctar Sochar Linbh ar an gcéad Mháirt i ngach mí. Is gnách go n-íoctar do chéad íocaíocht leat an mhí tar éis gur rugadh do leanbh.
Le hiarratas a dhéanamh ar Shochar linbh trí MyWelfare.ie. , caithfidh tú cuntas deimhnithe MyGovID a bheith agat chun an tseirbhís seo a úsáid agus caithfidh tú Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) a bheith agat freisin. Tabharfar Uimhir UPSP don naíonán freisin.
Tabhair faoi deara, le do thoil, nach féidir leat éileamh a dhéanamh ar líne ach má thugann an RCS cuireadh duit amhlaidh a dhéanamh
Foirm Iarratais: Shochar Linbh (CB1)
Eagrán: Aibreán 2024
Foirm iarratais: Shochar Linbh i gcás linbh atá 16 nó 17 de bhlianta d’aois (CB2)
Eagrán: Feabhra 2023
Foirm iarratais: Athrú ar chúinsí a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar d'éileamh ar Shochar Linbh (CB56)
Eagrán: Aibreán 2024
Déantar cur síos i dtreoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus na nósanna imeachta faoina dtugann an fhoireann sa roinn nuair a bhíonn a gcuid oibre á déanamh acu.