Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Má tá tú dífhostaithe, má tá tuistiú aonair á dhéanamh agat nó má tá tú faoi mhíchumas agus má tá íocaíochtaí áirithe á bhfáil agat ón roinn, is féidir leat páirt a ghlacadh i gcúrsa oideachais dara nó tríú leibhéal in Éirinn nó i dTuaisceart Éireann agus Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas a fháil.
Ní íoctar Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas ó 2016/17 ach do chúrsaí a thosaíonn in Éirinn nó i dTuaisceart Éireann. Is féidir Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas a íoc leat ar feadh bliain thar lear, áfach, (mar shampla, faoi Chlár Erasmus+) más cuid lárnach nó éigeantach de do chúrsa í an bhliain. Caithfidh cláraitheoir nó oifig iontrálacha do choláiste é seo a dheimhniú.
Caithfidh tú a bheith ar a laghad 21 bliain d’aois chun Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas a fháil (caithfidh tú a bheith 24 bliain d’aois má tá tú ag cur isteach ar chúrsa iarchéime).
Má tá tú ag freastal ar chúrsa dara leibhéal, caithfidh go raibh ceann de na híocaíochtaí thíos á fáil agat ar feadh 3 mhí nó níos faide.
Má tá Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora á fáil agat caithfidh tú a bheith 18 mbliana d’aois, ar a óige.
Má tá tú ag freastal ar chúrsa tríú leibhéal, caithfidh go raibh ceann de na híocaíochtaí thíos á fáil agat ar feadh 9 mí nó níos faide:
Ní gá go raibh d’íocaíocht cháilitheach á fáil agat go leanúnach. Is féidir sos a fhaide le 12 mhí ón íocaíocht a bheith ann, ach caithfidh go raibh an íocaíocht á fáil agat díreach sular thosaigh tú an cúrsa.
Is féidir am a chaitear in Ógtheagmháil a chur san áireamh i dtreo na tréimhse cáilithí, más féidir leat a dheimhniú go bhfuil teidlíocht agat d’íocaíocht leasa shóisialaigh cháilitheach sular chríochnaigh nó i ndiaidh gur chríochnaigh tú clár Ógtheagmhála.
Is féidir am a chaitear i bpríosún i Stát na hÉireann a chur san áireamh i dtreo na tréimhse cáilithí má dheimhníonn tú go bhfuil tú i dteideal íocaíocht cháilitheach leasa shóisialaigh.
Is féidir a chaitear agus Liúntas Leasa Forlíontach (LLF) nó i soláthar díreach a chur san áireamh i dtreo na tréimhse cáilithí don Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas. Ní bhíonn seo i gceist ach más féidir leat a dheimhniú go bhfuil tú i dteideal íocaíocht leasa shóisialaigh cháilitheach sula dtosaíonn tú do chúrsa staidéir agus má shásaíonn tú na rialacha nasctha.
Má bronnadh iomarcaíocht reachtúil ort agus má tá tú i dteideal íocaíocht leasa shóisialaigh cháilitheach a fháil díreach sula dtosaíonn tú an cúrsa, is féidir leat teacht láithreach ar Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas gan aon tréimhse feithimh. Caithfidh tú páirt a ghlacadh sa scéim Liúntais um Fhilleadh ar Oideachas laistigh de bhliain amháin tar éis iomarcaíocht reachtúil a fháil agus caithfidh tú na coinníollacha eile go léir a shásamh.
Má cháilítear thú, is féidir leat aon sochair bhreise a choimeád atá agat cheana féin, cosúil le Liúntas Breosla nó Forlíonadh Cíosa.
Is ionann an ráta íocaíochta agus an sochar a bhí á fháil agat sula bhfuair tú Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas. Má bhí Sochar Cuardaitheora Poist á fháil agat, gheobhaidh tú an méid céanna faoi Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas.
Má tá leanbh cleithiúnach agat, is féidir leat Liúntas do Chostas Oideachais bliantúil €500 a fháil.
Seol d’fhoirm iarratais chuig d’Ionad Intreo nó Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil
Foirm Iarratais: An Clár um Fhilleadh ar Oideachas (BTE1)
Eagrán: Iúil 2023
Déantar cur síos i dtreoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus na nósanna imeachta faoina dtugann an fhoireann sa roinn nuair a bhíonn a gcuid oibre á déanamh acu.