Dreasacht fostóra é JobsPlus a spreagann agus a bhronnann luaíocht ar fhostóirí a fhostaíonn cuardaitheoirí poist ar an mBeochlár. Íoctar dreasacht le fostóirí gach mí i riaráistí i rith tréimhse 2 bhliain. Cuirtear 2 leibhéal d’íocaíochtaí rialta ar fáil, €7,500 agus €10,000, faoi seach.
Is féidir le fostóirí incháilithe a earcaíonn fostaithe lánaimseartha an 1 Iúil 2013 nó ina dhiaidh sin iarratas a dhéanamh ar an dreasacht.
Tá comhchistiú á sholáthar ag an gCoimisiún Eorpach do JobsPlus do rannpháirtithe faoi 30 bliain d’aois. Tá scéim JobsPlus comhchistithe ag Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach. Tabhair cuairt ar eufunds.ie chun teacht ar eolas breise.
Má dhéanann fostóir cinneadh fostaí breise a earcú, is féidir leo Iarratas ar Líne JobsPlus d’Fhostóirí a líonadh agus ainm na cuideachta, méid an lucht saothair, sonraí bainc agus earnáil gheilleagrach na cuideachta á dtabhairt, mar shampla. Nuair a bhíonn seo seolta ar aghaidh, déanfaidh oifigeach na roinne athbhreithniú air agus seiceálfaidh siad go bhfuil an deimhniú imréitigh cánach in ord agus seolfaidh siad ríomhphost chuig an bhfostóir má cheadaítear é.
A luaithe a dheimhníonn an roinn cáilitheacht, is féidir leis an bhfostóir tosú le hearcú a dhéanamh, trí theagmháil a dhéanamh lena nIonad Intreo áitiúil nó lena nOifig Seirbhísí Fostaíochta chun teacht ar shonraí faoi iarrthóirí a bhfuil an taithí agus na cáilíochtaí oiriúnacha bainte amach acu dá bhfolúntas. D’fhéadfaidís an folúntas a chlárú freisin le JobsIreland.
A luaithe a tugadh faoi réamhagallaimh agus gur cuireadh iarrthóirí ar an ngearrliosta, ba cheart d’fhostóirí iarraidh ansin ar na hiarrthóirí seo cuairt a thabhairt ar Iarratas ar Líne JobsPlus d’Fhostaithe agus é a líonadh lena gcáilitheacht do JobsPlus a sheiceáil.
Próiseálfaidh an Roinn a n-iarraidh agus má dheimhnítear go bhfuil siad incháilithe, seolfaidh siad foirm dhá chuid JP1 chuig an iarrthóir. Deimhneofar i gCuid A d’fhoirm JP1 cáilitheacht an fhostaí agus an ráta íocaíochta d’fhostóir ionchasach, tá Cuid B le líonadh ag an bhfostóir má roghnaíonn siad leis an iarrthóir a fhostú.
Ba cheart don iarrthóir foirm dhá chuid JP1 a thabhairt leo a dheimhníonn a gcáilitheacht don fhostóir chun gur féidir leo breithniú a dhéanamh air.
Nuair a shainaithníonn fostóir an t-iarrthóir is oiriúnaí don phost, ba cheart dóibh Cuid B Choiste d’fhoirm JP1 a líonadh don iarrthóir sin, an dearbhú a shíniú agus í a sheoladh ar ais chuig an Roinn. Próiseálfaimid foirm JP1 agus a luaithe a shásaítear na coinníollacha go léir, cuirfear fostóirí ar an eolas ar ríomhphost gur bronnadh an dreasacht orthu i dtaobh an fhostaí a shonraítear ar fhoirm JP1.
A luaithe a dhéantar post a thairiscint don iarrthóir, ba cheart dóibh teagmháil a dhéanamh leis an Roinn lena n-éileamh cuardaitheora poist a dhúnadh.
Is féidir é seo a dhéanamh ar líne ag Dún m’Éileamh Cuardaitheora Poist nó trí theagmháil a dhéanamh lena nIonad Intreo nó Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil. Ní féidir tosú le JobsPlus a íoc ach a luaithe a dheimhnímid gur dúnadh éileamh cuardaitheora poist an fhostaí nua.
Déanfar íocaíocht gach mí i riaráistí trí ríomhaistriú airgid (EFT) i rith tréimhse 24 mí. Ní mheasfar go bhfuil cáin le gearradh ar an íocaíocht ar mhaithe le cuspóirí cáin ioncaim nó chorparáide ó thaobh an fhostóra de. Caithfidh an fostaí incháilithe JobsPlus a bheith ar an bpárolla agus bheith faoi réir ÍMAT agus ÁSPC (Aicme A).
Má fhaomhtar an t-iarratas, íocfar na híocaíochtaí seo a leanas leis an bhfostóir i gcaitheamh tréimhse 2 bhliain do gach duine incháilithe a earcaíonn siad agus a leanann siad lena f(h)ostú:
Beidh na rátaí seo a leanas i bhfeidhm ón 1 Lúnasa 2020:
Cuardaitheoir poist níos óige ná 30 bliain d’aois | Cuardaitheoir poist *níos óige ná 30 bliain d’aois agus atá ar an mbeochlár (Áirítear leis seo cásanna Creidmheasanna* amháin) nó | a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 nó | Meascán den dá íocaíocht á fháil acu | Caithfidh go rabhthas dífhostaithe ar feadh 4 mhí (104 lá) le 6 mhí anuas |
Cuardaitheoir poist níos sine ná 30 bliain d’aois agus níos óige ná 50 bliain d’aois | Cuardaitheoir poist níos sine ná 30 bliain d’aois agus atá ar an mbeochlár (Áirítear leis seo cásanna Creidmheasanna Amháin) nó | a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 nó | Meascán den dá íocaíocht á fháil acu | Caithfidh go rabhthas dífhostaithe ar feadh 12 mhí (312 lá) le 18 mí anuas |
**Daoine le Stádas Dídeanaí | Daoine le stádas dídeanaí agus a bhfuil Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil acu | Níl aon tréimhse cháilitheach i gceist | ||
**Faighteoir Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora | Iarfhaighteoirí Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora a bhfuil a leanbh is óige ar a laghad 7 mbliana d’aois agus níos óige ná 14 bliana d’aois, a aistrítear chuig an mbeochlár agus a bhfuil íocaíocht idirthréimhseach Liúntais Cuardaitheora Poist á fáil anois acu | Níl aon tréimhse cháilitheach i gceist |
Cuardaitheoir poist níos óige ná 50 bliain d’aois | Cuardaitheoir poist níos óige ná 50 bliain d’aois agus atá ar an mbeochlár (Áirítear leis seo cásanna Creidmheasanna amháin) nó | a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 nó | Meascán den dá íocaíocht á fháil acu | Caithfidh go rabhthas dífhostaithe ar feadh 36 mí (936 lá) le 42 mí anuas |
Cuardaitheoir poist níos sine ná 50 bliain d’aois | Cuardaitheoir poist níos sine ná 50 bliain d’aois agus atá ar an mbeochlár (Áirítear leis seo cásanna Creidmheasanna Amháin) nó | a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 nó | Meascán den dá íocaíocht á fháil acu | Caithfidh go rabhthas dífhostaithe ar feadh 12 mhí (312 lá) le 18 mí anuas |
Nóta: Is féidir am a caitheadh i bpríosún a chur san áireamh i dtreo na tréimhse cáilithí chomh fada agus a dhéantar teidlíocht d’íocaíocht leasa shóisialaigh cháilitheach a athdheimhniú.
Déantar rannpháirtithe JobsPlus níos óige ná 30 bliain d’aois a chomhchistiú ag Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE).
Beidh cuardaitheoirí poist nach bhfuil íocaíocht chuardaitheora poist á fáil acu agus a bhfuil síniú á dhéanamh acu do chreidmheasanna cuardaitheora poist ÁSPC incháilithe freisin chomh fada agus a bhíonn siad ar an mbeochlár ar feadh an lín riachtanaigh laethanta
Tá eolas breise ar fáil ó d’Ionad Intreo áitiúil nó trí na sonraí teagmhála thíos a úsáid.
Déantar cur síos i dtreoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus na nósanna imeachta faoina dtugann an fhoireann sa roinn nuair a bhíonn a gcuid oibre á déanamh acu.
Tá EURES comhchistithe ag Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach. Tabhair cuairt ar eufunds.ie chun teacht ar eolas breise.
Is fréamhshamhail í seo - cabhróidh d’aiseolas linn é a fheabhsú