Deontas Tacaíochta Oiliúna

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Deontas Tacaíochta Oiliúna


Cad is Deontas Tacaíochta Oiliúna ann

Cuireann an Deontas Tacaíochta Oiliúna rochtain ar fáil ar oiliúint ghearrthéarmach a fhéadann tacú le cuardaitheoirí poist aonair rochtain a fháil ar dheiseanna oibre.Is féidir an deontas a chur ar fáil nuair a bhíonn bearna scileanna láithreach nó idirghabháil ghaolmhar, amhail deimhniú a fháil, aitheanta ag Comhairleoir Pearsanta Fostaíochta nó Cóitseálaí Poist, rud a chuireann cosc ar chuardaitheoir poist tairiscint poist a thosú.

Níl sé beartaithe go gcuirfeadh an scéim seo in ionad bearta oiliúna agus gníomhachtaithe atá maoinithe faoi chláir agus gníomhaireachtaí eile, mar shampla, Boird Oideachais agus Oiliúna.

Maoinítear an Deontas Tacaíochta Oiliúna tríd an gCiste Náisiúnta Oiliúna atá á riaradh ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.

Conas cáiliú ina leith

Is iad lucht cuardaigh poist agus tacú le polasaí gníomhachtaithe na roinne príomhfhócas na scéime seo.

Is féidir an Deontas Tacaíochta Oiliúna a cheadú sna cásanna seo a leanas:

  • tá an cúrsa suas go dtí agus ag áireamh leibhéal 6 ar an QQI (Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann)
  • is cuid den phlean dul chun cinn pearsanta nó gníomhaíochta comhaontaithe chun dul isteach sa mhargadh saothair nó chun filleadh air an idirghabháil atá á lorg ag an gcuardaitheoir poist
  • gur sholáthair an cuardaitheoir poist fianaise réasúnta nó forais riachtanais (mar shampla tairiscint poist nó tairiscint poist ionchasach) nó gur shainaithin sé/sí bearna scileanna nó riachtanas chun creidiúnú a choinneáil nó a bhaint amach (mar shampla, pas sábháilte, ceadúnais tiomána, AGPRC, ceadanna tionscail slándála)

Ráta íocaíochta

Is féidir oiliúint a cheadú suas le huasmhéid €1000 in aghaidh na bliana.

Is féidir íocaíocht a cheadú nuair:

  • a fhreastalaíonn tú ar an gclár
  • a dhéanann tú an measúnú ábhartha agus nuair a bhainfidh tú amach deimhniú

  • nach mbaineann tú deimhniú amach ach dearbhaíonn an traenálaí gur rinne tú measúnú iomlán ach nár chomhlíon tú an caighdeán riachtanach

Íoctar an Deontas Tacaíochta Oiliúna go díreach leis an soláthraí oiliúna tar éis don oiliúint a bheith críochnaithe.

Déan Iarratas

Ní mór gach iarratas nó atreorú le haghaidh tacaíochta faoin scéim a dhéanamh trí Chomhairleoir Pearsanta Fostaíochta nó Cóitseálaí Poist.

Féadfaidh Comhairleoir Pearsanta Fostaíochta nó Cóitseálaí Poist deontas a cheadú faoin scéim seo i gcás:

  • le linn agallaimh, aithnítear riachtanas oiliúna nach soláthraíonn an RCS go díreach ná aon soláthraí stáit eile (amhail Solas/BOOnna, Teagasc), laistigh de thréimhse réasúnta ama nó ag áit atá áisiúil don chuardaitheoir poist
  • tá an idirghabháil a sainaithníodh nasctha le riachtanais ghníomhachtaithe an chuardaitheora poist agus le dálaí an mhargaidh saothair araon

Faigh tuilleadh eolais faoin scéim ó bhaill foirne i d’Ionad Intreo áitiúil nó in Oifig Brainse Leasa Shóisialaigh.

Treoirlínte Oibríochtúla

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat