An Pinsean (Neamh-ranníocach) Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtí Sibhialta Marthanach
- Foilsithe: 25 Iúil 2019
- An t-eolas is déanaí: 23 Iúil 2025
- A bhfuil i gceist leis an bPinsean (Neamhranníocach) Páirtnéara faoi Mhéala
- Conas cáiliú
- Rátaí íocaíochta
- Iarratas a dhéanamh
- Treoirlínte Oibríochtúla
A bhfuil i gceist leis an bPinsean (Neamhranníocach) Páirtnéara faoi Mhéala
Is éard atá sa Phinsean (Neamhranníocach) Pinsean Páirtnéara faoi Mhéala ná íocaíocht de réir tástála acmhainne is iníoctha le baintreach, baintreach fir, páirtnéir sibhialta marthanach nó le comhchónaitheoir cáilithe marthanach nach gcáilíonn don Pinsean (Ranníocach) Páirtnéara faoi Mhéala.
Measfar duine a bheith ina chomhchónaitheoir cáilithe chun críche íocaíochta más rud é gur chónaigh an lánúin le chéile mar lánúin i ndlúthchaidreamh tiomanta ar feadh tréimhse:
- dhá bhliain i gcás ina bhfuil leanaí ón gcaidreamh nó
- cúig bliana i gcás nach bhfuil leanaí ón gcaidreamh
Is íocaíocht í seo do bhaintreacha, baintreacha fir, páirtnéirí sibhialta marthanacha nó comhchónaitheoirí cáilithe marthanacha nach bhfuil leanaí cleithiúnacha acu. Is féidir le daoine a bhfuil leanaí cleithiúnacha acu iarratas a dhéanamh ar Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora nó ar Íocaíocht Idirthréimhseach Cuardaitheora Poist.
Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar an bPinsean Stáit (Neamhranníocach) nuair a shroicheann tú 66 bliain d’aois. Tá an pinsean sin inchánach ach ní dócha go n-íocfaidh tú cáin más é an t‑aon ioncam amháin atá agat.
I gcás comhchónaitheoir cáilithe marthanach, ní bheidh an Pinsean (Neamhranníocach) Páirtnéara faoi Mhéala iníoctha ach amháin i ndáil le báis a tharlaíonn ar 21/07/2025 nó ina dhiaidh sin.
Conas cáiliú
Chun cáiliú, ní mór duit:
- a bheith i do bhaintreach, baintreach fir, páirtnéir sibhialta marthanach nó comhchónaitheoir cáilithe marthanach
- gan a bheith in aontíos le duine eile
- tástáil acmhainne a chomhlíonadh
- a bheith i do ghnáthchónaí sa Stát
Rátaí íocaíochta
Beidh do ráta íocaíochta de réir thoradh na tástála acmhainne. Taispeántar sa tábla thíos an t‑uasráta seachtainiúil pearsanta íocaíochta ar féidir le duine a fháil mura bhfuil aon ioncam acu ó fhoinse ar bith eile.
Is é an t-uasmhéid iníoctha ná €244 sa tseachtain.
Íoctar na pinsin go seachtainiúil:
- ag d’oifig poist áitiúil agus do Chárta Seirbhísí Sóisialta nó Cárta Seirbhísí Poiblí á úsáid agat nó
- trí íocaíocht dhíreach isteach i do chuntas reatha nó taisce (coigiltis) in institiúid airgeadais de do rogha féin
Iarratas a dhéanamh
Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ag d’Ionad Intreo nó oifig brainse leasa shóisialaigh áitiúil.
Má tá cónaí ort i bPoblacht na hÉireann, ba cheart duit an fhoirm iarratais ag bun an leathanaigh seo a chomhlánú. Seol an fhoirm chomhlánaithe ansin chuig:
Bereaved Partner’s (Non-Contributory) Pension
- Seoladh:
- Department of Social Protection, College Road, Sligo, Co. Sligo, F91 T384.
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
+353 71 9157100;
0818 200400
Treoirlínte Oibríochtúla
Déantar cur síos i dtreoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus na nósanna imeachta faoina dtugann an fhoireann sa roinn nuair a bhíonn a gcuid oibre á déanamh acu.