COVID-19 (Coróinvíreas): Socruithe Oibre agus Socruithe Saoire do Mhúinteoirí agus do Chúntóirí Riachtanas Speisialta atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna aitheanta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bunaithe ar chomhairle reatha FSS , ní mór do dhuine a thosaíonn ag léiriú comharthaí COVID-19 nó a fuair toradh deimhneach ar thástáil Antaigine/PCR féin-aonrú agus ní féidir leis/léi freastal ar an ionad oibre.
Tá Saoire Speisialta le Pá maidir le COVID-19 ar fáil do mhúinteoir nó do CRS (a) a thosaíonn ag léiriú comharthaí COVID-19 nó (b) a fhaigheann toradh deimhneach ar thástáil PCR/antaigine do COVID-19. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Ciorclán 0038/2022 ina dtugtar sonraí maidir le socruithe oibre agus socruithe saoire do mhúinteoirí agus do chúntóirí riachtanas speisialta atá fostaithe i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna aitheanta.
Cuirtear in iúl d'fhostóirí go bhfuil leasú déanta ar Chiorclán 0038/2022. Féach, le do thoil, Nóta Faisnéise TC/IN 0004/2023 dar teideal “COVID-19: Athruithe ar Shaoire Speisialta le Pá ón 22 Bealtaine 2023 do Mhúinteoirí agus do Chúntóirí Riachtanas Speisialta atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna aitheanta”.
Ón 22 Bealtaine 2023, is é a bheidh mar uasteidlíocht do Shaoire Speisialta le Pá ná 5 lá as a chéile i aon chás ar leith, arb ionann é agus an tréimhse féin-aonraithe reatha atá sonraithe ag FSS.
De bhrí go bhféadfadh comhairle sláinte poiblí athrú, féach i gcónaí ar shuíomh gréasáin FSS chun an t-eolas is déanaí a fháil.
Féach Ciorclán 0039/2022 dar teideal Coróinvíreas (COVID-19): Socruithe Oibre Nuashonraithe do Bhaill Foirne seachas Múinteoirí agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta atá fostaithe i mBoird Oideachais agus Oiliúna.
Ba cheart do Mhúinteoirí agus do CRSanna an Fhoirm in Aguisín A de Chiorclán 0038/2022 a chomhlánú agus a chur ar aghaidh chuig a bhfostóir a luaithe agus is féidir.
Ba cheart do Bhaill Foirne Seachas Múinteoirí agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta atá fostaithe i mBoird Oideachais agus Oiliúna an fhoirm in Aguisín A de de Chiorclán 0039/2022 a chomhlánú.