Tá trí chatagóir éagsúil de Theagasc Baile i bhfeidhm ag an Roinn.:
Is é cuspóir na Scéime Teagasc Baile seo seirbhís chúiteach oideachais a sholáthar do leanaí:
Léigh Ciorclán 0038/2021: Scéim Deontais um Theagasc Baile 2021/2022 - Comhpháirt Oideachais Speisialta le haghaidh eolais i dtaca leis an scéim seo agus sonraí faoi chritéir incháilitheachta.
Is é cuspóir na Scéime um Theagasc Baile ná soláthar oideachais eatramhach a chur ar fáil do leanaí nach bhfuil áit scoile acu, atá gan tairiscint áit scoile agus a bhfuil áit scoile i scoil atá aitheanta ag an Roinn Oideachais á lorg go gníomhach dóibh. Níl foirmeacha iarratais don snáithe seo den Teagasc Baile ar fáil ach amháin ón Oifigeach Leasa Oideachais áitiúil. Tá sonraí teagmhála ar fáil ar shuíomh gréasáin TUSLA.
Mar atá leagtha amach sa Chiorclán, tá an dara snáithe den scéim seo do leanaí faoi chúram, agus dóibh sin amháin, atá gan áit scoile mar gheall ar shocrúchán éigeandála nó cur isteach ar shocrúchán. Níl foirmeacha iarratais ar fáil don snáithe seo ach amháin ón oibrí sóilsialta ainmnithe.
Leigh
– Scéim Deontais Teagasc Baile 2021 / 2022 - Dhá Shnáithe (Leanaí gan áit scoile & Leanaí faoi Chúram gan áit scoile) le haghaidh eolais i dtaca leis an scéim seo agus sonraí faoi chritéir incháilitheachta.
Snáithe 1: Is féidir foirmeacha iarratais ar an scéim seo a fháil ó d'Oifigeach Leasa Oideachais áitiúil, trí do Sheirbhís Leasa Oideachais áitiúil atá mar chuid den Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach. Tá sonraí teagmhála ar fáil arshuíomh gréasáin TUSLA.
Snáithe 2: Is féidir foirmeacha iarratais a fháil don scéim seo ón Oibrí Sóilsialta Ainmnithe.
Is é cuspóir na scéime seo teagasc baile a sholáthar do scoláirí atá cláraithe i scoile aitheanta ag an leibhéal iarbhunscoile ag staidéar sa tsraith shóisearach nó sa tsraith shinsearach agus a d’fhéadfaí cur isteach ar a gcuid oideachais de bharr toirchis.
Léigh
Scéim Deontais Teagasc Baile 2021/2022 - Comhpháirt na Neamhláithreachtaí a Bhaineann le Máithreachas chun eolas a fháil i dtaca leis an scéim seo agus chun sonraí a fháil faoin na critéir incháilitheachta.
Iarratas ar Theagasc Baile le haghaidh daltaí ar neamhláithreacht mar gheall ar chúrsaí máithreachais (HT MRA23)
2023/24
Rinneadh athbhreithniú ar rátaí na ndeontas teagaisc baile páirtaimseartha in aghaidh na huaire le héifeacht ón 01 Eanáir 2024 faoi na gComhaontú Seirbhísí Poiblí 2024-2026.
Sa chás sin, déantar foráil sa chomhaontú maidir leis an méid seo a leanas:
• Méadú 2.25% ón 01 Eanáir 2024
Tá tuilleadh eolais maidir leis an méadú pá nua a deonaíodh in 2023 faoin gcomhaontú ar fáil i gCiorclán 0033/2024 na Roinne Oideachais — Athbhreithniú ar Thuarastail Múinteoirí faoin gComhaontú
Seirbhísí Poiblí 2024-2026; Cur i bhfeidhm na gcoigeartuithe pá atá dlite an 1 Eanáir 2024.
Tá riaráistí dlite mar thoradh ar an gcomhaontú seo. Tá siad á ríomh agus ba cheart iad a eisiúint i rith mhí na Bealtaine 2024.
Is iad seo a leanas na rátaí d’íocaíochtaí teagaisc baile ón 01 Eanáir 2024:
Bunráta Cáilithe | € 47.76 ráta in aghaidh na huaire |
Ráta Cáilithe Iar-bhunscoile | € 52.49 ráta in aghaidh na huaire |
Ráta athraithe | € 40.30 ráta in aghaidh na huaire |
Déanann an Roinn seo íocaíochtaí um theagasc baile go díreach chuig an teagascóir ceadaithe ag feidhmiú thar ceann an tuismitheora/chaomhnóra dlíthiúla nuair a fhaightear foirm éilimh íocaíochta. Tá eolas mionsonraithe agus na foirmeacha éilimh ar fad atá de dhíth liostaithe thíos:
Nóta: Sa chás ina bhfostaíonn TUSLA teagascóir, déantar íocaíocht go díreach le TUSLA
Fiosruithe i dtaca le híocaíocht do theagascóirí teagasc baile ceadaithe:
Fiosruithe i dtaca le deimhniú creidmheasa cánach do theagascóirí baile a iarraidh/fheidhmiú: